Nach gránna é? Chomh cinnte is atá an cac san asal…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach gránna é? Chomh cinnte is atá an cac san asal…

Ní leagan deas é ach bhí sé go láidir i gcaint na ndaoine agus ní féidir sin a shéanadh. Tá leagan eile den chineál céanna ann nach bhfuil ró-dheas ach an oiread: chomh cinnte is atá poll ar do thóin. Féachfaidh muid anois le leaganacha a ríomh atá i bhfad níos deise: chomh cinnte le mionn an leabhair, is atá grian ar an aer, is atá ceann ar do mhuineál, is atá tú beo, is atá cluas ar do leiceann, is atá méara ort, is atá gob ar phréachán, is atá an Cháisc ar an Domhnach, is a leanann boige earraigh cuisne geimhridh, is atá tú beo, is atá mise ag caint leatsa, is atá feamainn i gConamara, is a fhásann an féar, is a shníonn uisce síos.

D’fhéadfaí chomh siúráilte a chur in áit chomh cinnte:

Chomh siúráilte leis an lá bán, is atá bia sa bhfaocha, is atá an ghrian ag éirí thoir is ag dul faoi thiar, leis na réiltíní, is atá bianna ar mhaide bacaigh.

Chomh cinnte is atá an cac san asal. Nach gránna é?

Fág freagra ar 'Nach gránna é? Chomh cinnte is atá an cac san asal…'