‘Nach deas go bhfuil sibh ar fad anseo,’ a deir mo mham. ‘Ach cén fáth ar tháinig sibh?’

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. An mhí seo: den chéad uair, cheiliúir máthair ár gcolúnaí a breithlá in ionad cúraim do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu

‘Nach deas go bhfuil sibh ar fad anseo,’ a deir mo mham. ‘Ach cén fáth ar tháinig sibh?’

Ocht mbliana ó shin um an dtaca seo chuaigh mé féin agus mo mháthair ar oilithreacht go ‘Albert Square’ – is ea, an chearnóg úd i gcathair Londan a spreag EastEnders. Cé gur as an Ísiltír do mo mham agus cé nár chuir sí cos in oirthear Londan riamh roimhe sin, bhíodh sí gafa leis an sobaldráma sin agus í ina 50idí agus ina 60idí.

Bronntanas uaimse dá 70ú breithlá a bhí sa chuairt ar Albert Square, go deimhin, agus nuair a bhí cupán caife againn tar éis na cuairte sin, ar chearnóg i bhfad níos nua-aimseartha taobh le stáisiún Dalton Junction, chuir mé ceist uirthi: ‘agus céard iad na pleananna agat do na chéad deich mbliana eile?’

Bhain a freagra siar asam. Ba é an chaoi nár thug sí freagra ar chor ar bith seachas ‘níl a fhios agam’, freagra nár tháinig le bean a bhíodh i gcónaí ag cleachtadh do cheolchoirm éigin, amuigh ag rothaíocht nó ag siúl, ag foghlaim teanga nua éigin nó i mbun an ghairdín.

Agus muid i Londain ocht mbliana ó shin, ní raibh reifreann an Bhreatimeachta fógartha fiú amháin. Ach bhí na siomptóim ba chúis leis san aer.

Ní raibh galar Alzheimer ‘fógartha’ ag an dochtúir ach oiread ach ag breathnú dom anois ar fhéinín a thóg mé díom féin agus de mo mháthair ar Albert Square an lá sin, is léir go raibh sé uirthi cheana ag an staid sin; bhí rian den ‘stánadh Alzheimer’, a bhí faoi chaibidil agam sa cholún seo tamall ó shin, ina súile cheana féin.

Ocht mbliana níos déanaí tá an Bhreatain tar éis an tAontas Eorpach a fhágáil agus tá cónaí ar mo mham in ionad cúraim do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu.

Agus den chéad uair, bhí orainn a breithlá a cheiliúradh san ionad cúraim sin.

Ar dtús, shíl mé féin agus mo dheartháir óg go mba dheas an rud é dá dtabharfadh muid ár máthair abhaile don lá, go dtí a teach féin, agus go mbeadh cóisir againn le gaolta agus cairde ar chúl an tí mar a bhíodh againn i gcónaí. Mar a bhí anuraidh féin.

Ach le tamall anuas éiríonn mo mham thar a bheith míshuaimhneach má thógtar amach as an ionad cúraim í; fiú amháin nuair a théimid ar shiúlóidín sa chomharsanacht, bíonn sí ag iarraidh filleadh tar éis cúig nóiméad, ag rá go dteastaíonn uaithi dul ar ais chuig ‘na daoine’.

‘Na daoine’, sin iad na hothair eile.

Mhínigh an síceolaí a bhíodh i bhfeighil ar chás mo mháthar sular bhog sí isteach san ionad cúraim dom gur iompar thar a bheith coitianta é sin.

‘Nuair a bhogann othair Alzheimer isteach in ionad cúraim, titeann ualach dá nguaillí toisc go mbíonn siad i gcomhluadar daoine atá cosúil leo ansin. Ní bhíonn orthu ligean orthu féin a thuilleadh nach bhfuil a dhath cearr leo agus go dtuigeann siad gach a bhfuil ar siúl ina dtimpeall, mar a bhíonn go minic nuair a bhíonn siad i gcomhluadar daoine nach bhfuil an galar orthu.’

Chinn muid mar sin, mé féin agus mo dheartháir óg, gur san ionad cúraim a bheadh an chóisir bhreithlae i mbliana. Cheannaigh muid bosca seacláidí dár máthair a d’fhéadfadh sí a roinnt leis na háitritheoirí eile ar an tríú hurlár agus leis an bhfoireann agus síos staighre linn ansin go dtí an bhialann, áit a raibh dornán beag gaolta agus cairde cruinnithe le chéile chun caife a ól léi agus cácaí milse a ithe. Bhí péire ag mo mham.

‘Nach deas go bhfuil sibh ar fad anseo,’ a deireadh sí arís is arís eile. ‘Ach cén fáth ar tháinig sibh?’

‘Inniu do bhreithlá!’ a d’fhreagraíodh muid, arís is arís eile.

‘An ea?’

Fág freagra ar '‘Nach deas go bhfuil sibh ar fad anseo,’ a deir mo mham. ‘Ach cén fáth ar tháinig sibh?’'

  • Mary Blundell

    Tá brón orm, Alex, le do scéal phéarsanta, ach labhraíonn tú dúinn go soiléir. Tá mo mháthair ar shlí na Fírinne ó 2007 ach is cuimhin liom féin na chéad hgo raibh a h-intinn ag dul in olcas.
    Cosúil le do mháthair is brea liomsa a bheith ag rothaíocht, ag snámh agus ag foghlaim Gaeilge ach tá mé 65 bliana d’áois anois agus motháim go bhfuil gach rud sealadach. Gúim gach rath ort féin agus ar do theaghlach.

  • KH

    B’údar sóláis dom a raibh le rá ag Bruce Springsteen ina dhírbheathaisnéis i dtaobh an ghalair seo, agus an tslí nach bhféadfadh sé an grá a bhí ag a mháthair don cheol is don damhsa a mhaolú ná a cheansú pioc. B’ionann an grá sin agus a hanam – ní raibh de neart ag an ngalar an chuid sin di a sciobadh uaithi ná baol air, dá mhéid a chuid iarrachtaí. Is fiú an sliocht sin a léamh (nó éisteacht leis ar Audible). “I have been and ever shall be your friend”, a deir Spock le Kirk i radharc deiridh The Search for Spock, áit a meabhraítear cumhacht an ghrá agus neart an chur le chéile, sa tslí is gur uaisleacht a bhaineann le tús áite a thabhairt do riachtanais an duine aonair leochailligh ar ala na huaire.