Nach deas é?…Geolamán na Scraige

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é?

Ba dhiail an fear é Seán a’ Chóta agus is diail an foclóir a bhailigh sé – Croidhe Chainnte Chiarraighe. Níl a shárú le fáil mar shanasán den dteanga seo ‘gainne, go háirithe i dtaobh mínithe saibhir fileata na bhfocal. Tógfam an focal geolamán mar shampla: ‘duine neamhchruinn in-a ghníomharthaibh, duine ionchómharthuighthe as a imtheachtaibh.‘ Tá geolamáin éigin ar ár n-aithne ar fad, agus tá cuid mhaith acu sa tsaol poiblí. Níor mhiste a rá go bhfuil scata geolamán sa Dáil – ‘Tá geolamán chughainn, anois is eadh bheidh an chabhair againn: duine nách fiú bheith ag brath air.’

Cad a thabharfá ar ‘duine ó bhun cnuic a chaitheadh a shaoghal ameasc caorach .i. gan puinn taithighe aige ar cad a bhíodh ar siubhal fén gceanntar amach is, dá chionn san, é dall, neamheolgaiseach’? Cad eile ach Geolamán na Scraige’. Tá scata acusan timpeall chomh maith tabhair fé ndeara.

Ní cás téarma nua a chruthú – ‘Geolamán na Dálach’ – ‘duine a chaitheann a shaoghal pholaitiúla ag bolathaíl timpeall ar lucht rachmais agus ag sodar i ndiaidh a mháistrí Eorpacha agus gan puinn taithighe aige ar, nó gan ón imní ar fé, cad atá ar siubhal ina thír féin is, dá chionn san, é dall, neamheolgaiseach’.

Geolamán na scraige. Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é?…Geolamán na Scraige'