NACH DEAS É? Tusa i do choinneal is mise i m’fhéileacán…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Tusa i do choinneal is mise i m’fhéileacán…

Feictear dhom gur deas an tsamhail í sin san amhrán ‘Bríd Thomáis Mhurcha’.

Ní miste an véarsa ar fad a thabhairt:

Is a Aonmhac Mhuire a chuir an cuileann tríd an bhféar ag fás,

Nach mise an trua Mhuire is mé ag cailliúint na ngéag le grá,

Má tá sé inár gcinniúint nach féidir linn a chéile a fháil,

Bíodh tusa i do choinneal is mise i m’fhéileacán.

Shíl mise i gcónaí gur leamhan a bhíonn ag déanamh ar sholas coinnle.

Tá an leagan cainte seo ann: mar a bheadh leamhan ar choinneal.

Tá agus an leagan seo: is geall le leamhan ar choinneal é ina diaidh—níl sé in ann fanacht uaithi.

Ach tá míniú ar an scéal agus is é sin go dtugtar féileacán oíche ar an leamhan freisin.

Thugtaí féileacán fómhair ar chailín dathúil a bheadh leitheadach.

D’fhéadfá na féileacáin a bhrú as duine—é a bhrú ar a chéile. An t-anam a fháisceadh as lena rá ar bhealach eile.

Féach an féileacán sin thall atá ag foluaint os cionn na coinnle a dúirt Pádraic Ó Conaire ina leabhar An Chéad Chloch.

Maidir leis an gcoinneal is iomaí cineál coinnle ann: coinneal chéarach, coinneal gheire, coinneal feaga, coinneal ghiúise, coinneal choisricthe. Coinneal bheannaithe a chuirtear i láimh duine le linn bháis dó.

Seo leaganacha eile cainte a bhfuil an focal coinneal iontu:

An choinneal airneáin a chaitheamh – fanacht ag caint agus ag comhrá go deireanach san oíche.

Ó loisc tú an choinneal loisc an t-orlach – ó chuaigh tú chomh fada seo leis an scéal críochnaigh é.

Tháinig coinnle ar a súile – le lúcháir nó le fearg.

Coinneal bhraonáin nó coinneal reo a thugtaí scaití ar choinnlín reo.

Ná múch coinneal go lastar ceann eile.

B’fhearr do dhuine coinneal roimhe ná dhá choinneal déag ina dhiaidh.

A bhanríon mhilis fuair coinneal na ngrást anuas, a dúirt duine de na filí faoin Maighdean Mhuire.

Tá bláthanna ann ar a dtugtar coinnle corra agus bláthanna eile ar a dtugtar coinnle Muire.

D’imigh sé ar nós na coinnle—d’imigh an dé as de phreib.

Bhí an choinneal ag léimrigh, ag eiteallaigh, ag preabadh.

Tugann sin ar fad go dtí an focal cinniúint muid.

Bhí sé sa gcinniúint aici—bhí sé i ndán di.

Cor a chur i gcinniúint duine – athrú a chur ar a shaol.

Ní chuireann an chinniúint cosa fúithi—ní stopann an chinniúint.

Ní choisctear cinniúint – ní féidir éalú ón gcinniúint.

Sáraíonn foighid an chinniúint.

Is í an chinniúint an charaid ach í a bheith agat.

An té a mbeidh sé ina chinniúint é a chrochadh, ní bháfar go deo é.

Tusa i do choinneal is mise i m’fhéileacán…

Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Tusa i do choinneal is mise i m’fhéileacán…'

  • Colm Mac Séalaigh

    An-spéisiúil agus an-léargas ar shaibhreas na teanga. Cé scríobh?