Nach deas é? Thug sé an eang leis ar éigean…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Thug sé an eang leis ar éigean…

Thug sé an eang leis ar éigean. Sin é a déarfaí faoi dhuine a thiocfadh slán as gábh nó as drochruaig tinnis.

Ní raibh ann ach go dtug sé na cosa leis. Ba bheag nár scuabadh chun bealaigh é. Bhí an t-ádh ina chaipín a déarfadh duine a bhí ag breathnú air.

Sin nó bhí caipín an tsonais air nuair a rugadh é. Bhí Dia i bhfabhar leis, a déarfadh duine eile. Chaithfeadh sé go bhfuil an tseamair Mhuire faoina chrios aige, a déarfadh an tríú duine. Seamróg na gceithre gcluas a thugaidís ar an tseamair Mhuire i gCorca Dhuibhne.

Thug sé an eang leis ar éigean. Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? Thug sé an eang leis ar éigean…'

  • Michael Máirtín Sonaí

    An-deas, a Josie. Is cuimhin liom an focal úd ‘eang’ (más buan mo chuimhne, tá mé ag ceapadh gurb é a bhí ann) ón dán ‘Uchtógaí’ le do chomharsa beal dorais, ‘bhraith muid críoch is scarúint, is mise ar thob eang eile a chuir sa gcinniúint’. Thaithin sé sin liom ariamh.