Tá sé i bhfoisceacht cic sa tóin de Lá Bealtaine.
Sin leagan a chuala mé laethanta deireanacha an Aibreáin ó chomharsa liom. Shíl mé i dtosach gurbh é a chum é mar go mbíonn Gaeilgeoirí ó dhúchas ag baint casadh as leaganacha fós má tá an Ghaeilge i ndeireadh na preibe féin. Bhí seisean a cheapadh gur chuala sé cheana é ach ní raibh sé cinnte cén áit. Tá i bhfoisceacht mbeannaí Dia de sa gcaint le fada. Tá agus i bhfoisceacht míle, i bhfoisceacht urchair mhéaróige agus i bhfoisceacht scread asail. Níl a fhios agam cén gaol go díreach i stair na bhfocal atá ag ‘i bhfoisceacht’ le ‘i bhfogas’. Mar a dúirt Raiftearaí agus é ag brath ar thuras a thabhairt ar ais ar Mhaigh Eo:
‘Go Coillte Mach rachad go ndéanfad cuairt mhíosa ann
I bhfogas dhá mhíle do Bhéal an Áth’ Mhóir.’
derry o'sullivan
Go rí-mhaith – saibhreas teanga! Míle buíochas!