Nach deas é? Tá móin ag déanamh bananas

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Tá móin ag déanamh bananas

‘Tá móin ag déanamh bananas,’ a dúirt mo chomharsa béal dorais liom an lá faoi dheireadh. Í a bheith ag triomú go breá, a bhí i gceist aige, ag caolú, ag crapadh, ag traoitheadh, ag stálú.

Bhí an fód ag éirí den chriathrach as a thosach agus as a dheireadh i gcruth is go raibh déanamh an bhanana ag teacht air.

“Níl ann ach í a iompú,” a deirimse.

Ní raibh call ar bith an mhóin a mheandaráil í mbliana faoi mar a dhéantaí nuair a bhaintí leis an sleán í. Meaisín a bhaineann anois í agus is é an chaoi a n-iompaítear le racán í.

Fód ar an talamh agus dhá fhód ina seasamh ina aghaidh a bhíodh sa meandar. Focal é ar bhreá liom a fháil amach cén bunús atá leis.

Ní thógfadh sé dhá mheandar é a dhéanamh a déarfaí faoi obair a d’fhéadfaí a dhéanamh go sciobtha.

Ní hé amháin nach ndéanfar aon mheandaráil i mbliana ach ní bheidh gróigíní Francacha le déanamh ach an oiread. Dhá fhód ar an talamh a bhíonn sa ngróigín Francach, dhá fhód trasna os a gcionn sin agus dhá fhód os a gcionn sin arís.

Bhí an file Val Bheairtle Uí Dhonncha ag obair ar Scéim na Móna uair amháin. Bliain fhliuch a bhí inti agus ní raibh ag éirí rómhaith leis.

‘Ag déanamh gróigíní Francacha chomh fliuch leis an aoileach is gan oiread is caorán istigh ina lár,’ a bhí sé, a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Nach deas é? Tá móin ag déanamh bananas'