Nach deas é? Tá mo phutógaí ag ithe a chéile le ocras…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é?

Lena bhfuil de thanachan tagtha ar Ghaeltacht na Gaillimhe le seal blianta, is furasta dúinn an ceantar Gaeltachta atá suite taobh thoir de chathair na Gaillimhe a ligean i ndearmad. Saothar amháin a mheabhraíonn bríomhaireacht na canúna sin dúinn is ea Seanchas Thomáis Laighléis agus is luachmhar an tseoid í an leabhar seo don té ar spéis leis nathaíocht na Gaeilge. Feilméara bocht as Mionlach – baile beag tuaithe mar a bhí atá i bhfoisceacht trí mhíle de chathair na Gaillimhe – ba ea an Laighléiseach agus d’éirigh leis go leor dá shaibhreas cainte a fhágáil mar oidhreacht de bharr a chuid scríbhinní. Tugann na scríbhinní sin an-léargas dúinn ar Ghaeilge an Achréidh, canúint atá éagsúil ar chuid mhaith bealaí le Gaeilge Chonamara.

Is iomaí bealach atá ag muintir an iarthair le cur síos ar an té a bhfuil ocras mór air – mar shampla, d’fheadfadh an duine sin a bheith sceanta, scrúdtha, sleabhctha, stiúgtha, tite nó caillte leis an ocras. Níl aon teorainn leis an gcaint mheafarach nuair a bhítear ag trácht ar an ocras mar sin agus b’amhlaidh an scéal ag Tomás Laighléis sa nath ‘tá mo phutógaí ag ithe a chéile le ocras’. Is cinnte gur beag baol débhrí atá ag baint leis an leagan cainte seo, ach nach gcuireann sé an teachtaireacht abhaile sách tréan orainn freisin? Bíonn blas ar an mbeagán, mar a dúirt an té a dúirt.

Tá mo phutógaí ag ithe a chéile le ocras. Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? Tá mo phutógaí ag ithe a chéile le ocras…'