NACH DEAS É? Tá mé stangtha ag an bhfuacht…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Tá mé stangtha ag an bhfuacht…

Dá gcuireadh duine a chos i ndíog nó i dtrínse gan a bheith ag faire air féin bhainfeadh sé stangadh as an gcois. Nó rud is measa ná sin leonfadh sé í, nó chuirfeadh sé an chnámh as a halt.

D’fhéadfá stangadh a bhaint as do dhroim an-éasca freisin.

Sin nó a bheith stangtha ag an bhfuacht – préachta, dallraithe, stromptha.

Bíonn adhmad ag stangadh. Seo dhá abairt faoi sin:

Tá an dréimire ag stangadh faoi mheáchan an fhir—ag lúbadh.

Oíche na gaoithe móire bhí na rataí ag stangadh faoi mheáchan na ngustaí.

Dá gceapfá gur oibrigh tú i rith an lae chomh maith le haon duine eile déarfá gur sheas tú gan stangadh—gur choinnigh tú do ghreim ar d’áit féin.

De réir mar a dúradh i mBaile Bhuirne stangáil a thabharfaí ar an gcaoi a mbeadh capall ag guailneáil nó ag tabhairt faoin ualach a bhreith leis go neamhfhonnmhar.

Ní thuigim cén fáth gur leis a dúradh faoin gcapall sa gcás sin. Léi a déarfaí i gConamara. Is breá an stail í.

Tá an focal stangaire ann –duine a bhfuil leisce air scaradh le airgead. Droch-cheannaitheoir a bheadh ann. Bheadh sé ag iarraidh brabach a bhaint de chuile dhuine.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Tá mé stangtha ag an bhfuacht…'