Nach deas é? Tá mé chomh seascair le luichín i stáca

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Tá mé chomh seascair le luichín i stáca

Tá mé chomh seascair le luichín i stáca. Sin é a déarfá dá mbeadh brat sneachta ar an gceantar ar fad, gaoth fheanntach anoir, a phréachfadh na giorraithe, ag lascadh na fuinneoige agus tusa i do shuí le hais tine bhreá clochmhóna, muga tae láidir i láimh amháin agat agus canda aráin baile sa láimh eile, agus tú ag breathnú ar Evelyn Cusack ar an teilifís ag cur scéin an bhainbh dhóite sa náisiún le réamhaisnéis scanrúil eile aimsire.

Dá mbeifeá ag iarraidh a bheith níos gonta d’fhéadfá a rá go raibh tú te teolaí, chomh teolaí leis an gcat go deimhin.

Dá mbeadh an cuisneoir pacáilte go maith agat ón lá roimhe sin le rogha gach bia bheifeá in ann a mhaíomh go raibh seascaireacht boilg agat.

Dá dtiocfadh óglach ó Chumann Naomh Uinseann de Pól isteach agus imní air go raibh aon chlóic ort seans maith go ndéarfadh sé leat gur breá teolaí a bhí tú ort féin.

Go deimhin, a déarfadh sé, tá tú i do shuí go seascair; tá nead sheascair agat.

B’fhéidir go ndéarfadh sé ansin gur seascaire thú ar aon dath.

Tharlódh sé nach dtuigfeá an chaint sin i dtosach ach is éard a chiallaíonn sé gur baitsiléir thú.

Faoin am seo bheadh fonn codlata ort. D’imeodh an t-óglach as Cumann Naomh Uinseann de Pól agus thabharfása aghaidh ar an leaba mar gur chuala tú ariamh más maith í teas na tine gur fearr teas na pluide.

Tá mé chomh seascair le luichín i stáca. Nach deas é?

 

Fág freagra ar 'Nach deas é? Tá mé chomh seascair le luichín i stáca'

  • lèitheoir100

    Tair slán a Sheosaimh! Dhealródh an baitsiléir sin breá cluthair dó féin go deimhin. Ach ní dócha gur canda aráin baile a bheadh ina ghlaic agus an dá shúil á chur trí Evelyn Cusack aige.