NACH DEAS É? Tá féirín againn go deimhin…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Tá féirín againn go deimhin…

Tá féirín againn go deimhin a déarfadh duine leat dá n-inseofá dó go raibh Taoiseach nua tagtha ar an tír agus gan aon mheas aigesean ar an Taoiseach a bheadh i gceist.

Tugtar féirín ar rud luachmhar agus ansin aríst ar rud nach mbíonn luachmhar.

Is milis an féirín an tsláinte agus is searbh a bheith gan í a deirtí. Ach meabhraítí do dhaoine gur furasta féirín a dhéanamh den tsláinte – í a ligean uait nó a chailleadh.

Féirín ón aonach nó píopa tobac – deirtí é sin leis an té a bheadh tagtha abhaile ón aonach , i., gur cheart dó ní éigín a bheith tugtha abhaile aige.

‘Dá mbeadh cúpla gloine ólta agamsa chífeá ná beinn ag éisteacht leat, “ a dúirt cainteoir as Gaeltacht na Mumhan, “ thabharfainnse féirín duit a chuirfeadh ar lorg do mheabhrach thú.” Buille a bhí ar intinn aige ar ndóigh.

“Tá iarlais agat go ceann tamaill sa méir thinn sin,” a dúirt cainteoir eile — féirín de dhroch-shaghas.

Ba mhinic na filí ag tabhairt féirín ar bhean.

In aois a sé déag sea fuair mé féin í,

Ba deas an féirín í ag fear le fáil.

Sin é a dúradh faoi Shail Óg Rua.

Tá féirín le mo chéad searc i mo phóca thíos, a dúirt file eile.

Is cosúil go bhféadfadh buachaill a bheith ina fhéirín freisin. Is ró-dheas an féirín Éamon ag cailín óg a dúradh faoi dhuine acu.

Tá féirín againn go deimhin…Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Tá féirín againn go deimhin…'