Is iontach an t-athrú a chuireann síneadh fada ar bhrí focail thar fhocal eile. Tóg bradán agus brádán mar shampla.
Tá a fhios againn gur báisteach éadrom é an brádán. Maidir leis an mbradán tá an bradán fiáin ann agus an bradán feirme.
Cearc bhradáin a thugtar ar an mbradán baineann agus coileach bradáin ar an mbradán fireann.
Tá an bradán fearna ann. Is minic a chonaic mé na muca mara ina dhiaidh suas Cuan Chill Chiaráin nuair a bhí mé óg. Ní fheicim ar chor ar bith ar an aimsir seo iad ach deir na hiascairí liom go mbíonn siad amach ar an domhain.
‘A samhail ní raibh le fáil, ach ar nós an bhradáin fearna/D’imeodh óna namhaid, is nár spáráil a dhíol siúil.’
Sin é a dúradh san amhrán ‘Púcán Mhicil Pháidín’.
D’fhéadfá bradán do bheatha a chur amach le scanradh, le brón nó le buairt. Tá an bradán ag léim ann, a déarfaí. Sin le rá go mbeadh na matáin ag preabadh.
Bíonn bradán i gcrúb capaill.
Chloisfeá caint ar shláinte an bhradáin a bheith ag duine.
Seo leaganacha eile cainte a bhfuil an focal bradán iontu:
Ní dírí bradán i lár an easa ná Lá Fhéile Pádraig i lár an earraigh.
Is fearr breac sa láimh ná bradán sa linn.
‘Maireann an t-iolar ar an aill, maireann an bradán sa sruth/Maireann an chraobh ar an bhfál, ach ní mhaireann an lámh a chuir.’
Is maith an dóigh bradán é an poll sin – tá siad go fairsing ann.
Droim an scadáin, bolg an bhradáin, agus cloigeann troisc – na trí bheatha mhaithe do charraera.
Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Tá an bradán ag léim ann…'