Tá a chloigeann leáite. I dteach tábhairne anseo i gConamara a chuala mé an leagan sin den chéad uair. Cur síos a bhí ann ar fhear a raibh an t-ól ag éirí sa gcloigeann aige.
Tá an-chloigeann air a déarfaí faoi dhuine a bheadh meabhrach.
Tá a chloigeann ar scriú an tsamhail a thabharfaí do dhuine a bheadh ag síorbhreathnú timpeall.
An té a bheadh ag iarraidh dallamullóg a chur ar dhuine eile déarfaí faoi gur shíl sé cloigne muc a chur ar chaoirigh agus cosa crainn a chur ar chearca.
Cloigeann éinín nó cloigeann cipín a bheadh ar dhuine nach mbeadh a fhios aige cá leagfadh sé aon rud. Sagart ar chuir dream i Mionlach mearbhall air dúradh fúthu gur chuir siad cloigeann éinín ceart ar an sagart sin.
A chloigeann pota, a d’fhógrófá ar dhuine a mbeifeá gránna ar fad leis.
Tharlódh sé go mbeifeá in ann an cloigeann a oibriú ar dhuine uair éicint, sé sin go mbeadh ar do chumas an bua a fháil air le cleasaíocht.
Cineál cloigeann aníos a thugtar ar mhuintir Uí Chonghaile de bhrí go gceaptar gur ó na rónta a shíolraigh siad.
Tá a chloigeann leáite. Nach deas é?
Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Tá a chloigeann leáite…'