Focal é Tiarna a chloistear go minic aimsir na Nollag.
Ár dTiarna Íosa Críost, a deirtear.
Moladh leis an Tiarna.
Adhraimis an Tiarna.
Duine a bhfuil eagla an Tiarna air.
Lá an Tiarna,
Paidir an Tiarna.
Tá a bhealach rúndiamhair féin ag an Tiarna.
Tús na heagla eagla an Tiarna.
An tiarna Easpaig a thugtar ar Easpag.
Taobh amuigh de chúrsaí eaglasta tá an tiarna talún, an tiarna dúiche, an tiarna oidhreachta.
Bíonn an tiarna beag ann. Cheapfá gur tiarna beag é agus na gothaí a bhíonn faoi.
Is láidre tír ná tiarna.
Ní mé a thit ach tiarna talún—focal pisreoige; má bhaintear leagan asat is ceart a rá nach tú féin a leagadh.
Ná bí i do stíobhard gann ag tiarna saibhir.
Tig rí agus tiarna gann – gann in airgead.
Na trí rudaí is measa amuigh:
Iomarca síl in ithir mhaith,
Iomarca tiarnaí in aon tír,
Iomarca cailíní in aon teach.
Fág freagra ar 'NACH DEAS É?: Tá a bhealach rúndiamhair féin ag an Tiarna…'