NACH DEAS É? Sin í an chaint nach bhfuil ag luí le dán

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Sin í an chaint nach bhfuil ag luí le dán

Seo é an míniú a thug Máirtín Ó Cadhain ar an leagan cainte thuas: ‘Dhá mbeadh amhrán nó píosa filíochta ann agus truailliú i gcuid den chaint, gan an rannaíocht a bheith ag luí le chéile, agus dhá dtugtaí leagan eile air i riocht is go mbeadh an rannaíocht nó an chiall cheart ann, déarfaí an rud sin; nó má chuirtear focla isteach in amhrán nó eile a thagas salach ar bhíthin an scéil, nó má thugtar údar contráilte faoi scéal nó amhrán nó seanfhocal nó a leithéide sa gcaoi nach mbeidh an chaint ná an chiall ag luí ceart le chéile, ní bhíonn sin ag luí le dán ach oiread.’

Dúirt Máirtín freisin gur dán a thugtaí ar an rópa a chuireadh muintir Árann ar adharca na mbó nuair a bhídís á gcur sa mbád ar Cheann Gainimh.

As sin a tháinig an leagan, cuirfidh sí dán ar fhear eicínt—cuirfidh sí cluain nó dallamullóg ar fhear eicínt agus pósfaidh sí é.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Sin í an chaint nach bhfuil ag luí le dán'