Nach deas é? Sheasfá sa sneachta ag éisteacht leis…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Sheasfá sa sneachta ag éisteacht leis…

Sheasfá sa sneachta ag éisteacht leis a déarfaí faoi chainteoir maith nó faoi dhuine a bheadh go maith ag rá amhráin.

Seachain an sneachta séidte ar dhroim sléibhe, más file féin thú, a dúradh faoi dhuine eicínt fadó.

Bí cinnte go raibh an sneachta séidte agus é á shíorchur ar Shliabh Uí Fhloinn ag an am, mar a deir an t-amhrán.

‘Níorbh iontaí liom an sneachta dearg ná é’ a deirtí faoi scéal nach mbeifí ag súil leis.

Lá coscartha an tsneachta an lá is fuaire ar bith.

Dá dhonacht an sneachta is measa an sioc.  Bhí ‘díogha gach sín sioc’ ina sheanfhocal ariamh.

Go n-imí an sioc leis, a deirtí faoi dhuine nach mbíodh mórán fáilte roimhe.

‘Ní lú liom an sioc ná iad’ an breithiúnas a thabharfá ar rudaí nach dtaitneodh leat.

Blífear bó an tsneachta nuair a chaillfear bó an tseaca, a deireadh feilméaraí an Eachréidh.

Ach bhíodh dóchas ann i gcónaí go dtiocfadh aimsir bhreá de réir a chéile.  Éireoidh dusta ar bhóithre fós, a deiridís, agus tiocfaidh lá a mbeidh an fiach dubh ag cur a theanga amach.

Fág freagra ar 'Nach deas é? Sheasfá sa sneachta ag éisteacht leis…'

  • leitheoir

    ‘Ligfeá don taoide/taoille tuilleadh ort!’ Agus tú faoi dhraíocht ag fonnadóir/ceoltóir sármhaith!!

  • Jackie Mac Donncha

    Ní ligfeadh sé luch as poll, ná diabhal as ifreann. Ach tá an-triomach ann: Thriomódh sé an cac san asal!

  • Glór Í Eo

    Nuair atá sneachta ar Néifin, beidh sé fuair in Éirinn