NACH DEAS É? Seachtain na simléar salach

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Seachtain na simléar salach

Achar gearr roimh Lá Nollag a thagadh seachtain na simléar salach mar go mbíodh neart bia á bhruith ar an tine oscailte i gcomhair na féile.

Ós ag caint ar an simléar é, is fear é Daidí na Nollag a bhfuil athrú saoil i ndán dó. Bhí cleachtadh aige ar a bheith ag dul síos trí shimléir lena chuid bronntanas ach na tithe atá á ndéanamh anois níl simléar ar bith orthu. Déanadh sé a ghearán le Éamon Ryan más áil leis é.

Is iomaí cineál simléir ann:

Simléar crannaolach – simléar a dhéantaí de shlata coil, fite ar a chéile, agus an méid sin buailte le moirtéal taobh istigh agus taobh amuigh. Simléar caolach ainm eile air agus simléar crannaí ainm eile fós.

Croca a thugtar ar an gcaipín a bhíonn ar shimléar.

Stoc an tsimléir a thugtaí ar an gcuid den simléar a bhíodh aníos ó thuí an tí. Theastódh bosca leis an stoc a dhéanamh, le suimint an stoic a chur ann le cruachan.

Simléar an lampa a thugtar ar ghloine lampa.

Bíonn simléar deataigh agus simléar caoch ann. Ní bhíonn an simléar ag tarraingt an deataigh.  Sin é an uair a dteastaíonn glantóir simléar leis an bhfadhb a réiteach.

Simléar ard a bhíonn ar mhonarcha.

Na trí rudaí is measa i dteach ar bith, simléar deataigh, báirseach mná agus an braon anuas.

Na trí rud is ceart a bheith i ngach teach, bean, cat agus simléar.

Fadaigh an tine sa simléar beag, a deirtí, i.e.  san áit bheag tine sa seomra, ní hionann agus ar theallach mór na cisteanaí. Nach deas é?

Seachtain na simléar salach.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Seachtain na simléar salach'