’Sé do chuid den ghé do mhéar a chuimilt di. ’Sé an chiall atá leis sin nach bhfuil le fáil agat ach cuid an bheagáin di. Tá seanfhocal eile ann a deireann nach faide gob na gé ná gob an ghandail, a chiallaíonn go bhfuil an ceart céanna ag gabháil do chuile dhuine.
Is iomaí cineál gé ann:
Gé ghlas, gé bhánéadanach, gé bheag fhionn, gé dhubh, gé ghobghearr, gé fhiáin, gé ghiúrainn.
Cráin ghé a thugtaí ar ghé nach mbeadh aon ghóislíní dá barr.
Tóin na gé a thugtaí scaití ar an aon hart.
Tá planda ann ar a dtugtar lus na coise gé agus planda eile ar dtugtar crúb ghé.
D’fhéadfadh craiceann gé a theacht ar chraiceann duine le fuacht nó le faitíos.
Bhí cluiche do pháistí ann ar a dtugtaí crúb na gé.
Is ionann borradh an éin ghé agus fás sciobtha.
Nuair a bhruitear muineál, eagán, aebha agus sciatháin na gé i gcuideachta sin é an ghé bheag nó na géanna beaga. Gänseklein a thugann na Gearmánaigh air.
Seo bealaí eile a n-úsáidtear an focal gé.
Rinne mé gé dhe le buille amháin—rinne mé smíste de, shín mé é.
Imeacht ghé an oileáin ort, imeacht gan tuairisc.
Fáilte na gé romhat, ón bhféar go dtí an t-uisce – an fháilte a chuireann gé roimh ghé eile, fáilte mhaith.
Tá an sionnach ag tabhairt seanmóra do na géabha (géanna)—ag lochtú daoine eile is measa ná tú féin.
An áit a mbíonn géabhaí (géanna) bíonn glagaireacht agus an áit a mbíonn mná bíonn cabaireacht.
Téann na géabha (géanna) le chéile. Téann go deimhin agus aithníonn ciaróg ciaróg eile.
Nuair a chacann gé cacann siad go léir.
Insítear scéal faoi fhear a phós an dara huair. Bhí mac aige féin agus mac ag an dara bean. Chaith sí go holc leis an leasmhac ach bhí a mac féin ina pheata aicí. Fuair sí bás agus an oíche a raibh sí os cionn cláir dúirt an leasmhac an rann seo leis an bpeata ag cur i gcéill dhó go raibh athrú saoil i ndán dhó:
Nach beag a bhíos idir anocht is aréir
Is nach gearr a bhíos an léan ag teacht
Éirigh suas a ghiolla na méire
Is cuir na géabhaí (géanna) isteach.
Seo tuilleadh leaganacha cainte fós faoin ngé. Ní féidir é a dhéanamh nó go sroichfidh gob na gé an t-aer—go brách.
Seans gur codladh gé atá air—codladh bréige.
Tá sé imithe sna géabha (géanna) fiáine.
Ní thógfadh sé gé— talamh bocht atá ann.
Fág freagra ar 'NACH DEAS É? ’Sé do chuid den ghé do mhéar a chuimilt di'