Nach deas é? Scroid airneáin agus bolgam eadra…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Scroid airneáin agus bolgam eadra…

Bhíos ag éisteacht an lá eile le seantéip a dhein Neil Phurge Ní Mhurchú, trócaire uirthi le RnaG tráth. D’fhéadfá céad punt a chur i gcoinne na pingine go bhfoghlaimeofá scata focal agus ualach ráithibh ó Neil gach aon uair a d’imigh sí os comhair an mhicreafóin, agus b’amhlaidh a bhí  agam an babhta seo.

Luath go maith sa lá a bhí an t-agallamh aici á dhéanamh, agus d’fhiafraigh sí do láithreoir an chláir, Breanndán Feiritéar, “An raibh do bholgam eadra agat?”, is é sin le rá an raibh do mhuga tae nó caife agat i ndéanaí na maidine. Rith sé liom gur an-théarma é sin don mbéas atá ag daoine a gcuid tae nó caife (nó pé diabhal mochachinofappélattémericano a bhíonn agaibh suas fén dtír) bheith acu ar a slí chun na hoibre i gcupaí plaisteacha, nó go deimhin don sos beag a bhíonn ag oibrithe chun bolgam nó gal a dh’ól is gan ach uair nó dhó oibre déanta acu.

Chaith Neil nath eile chugainn an lá úd – ‘scroid airneáin’. Bhí sí ag trácht ar dheoch nó sólaiste a thabharfaí do dhuine a bheadh ag bothántaíocht istoíche. Tá an nath ag Seán a’ Chóta i gCroí Chainte Chiarraí: –

scroid: b.2. lón beag éadtrom, ruisín, ádhbhar bídh lé linn deabhaidh nó idir dhá bhéile. Má bhrostuighimíd beidh am againn scroid do chaitheamh: béile bheag. Ar an slighe abhaile ón amharclann bíodh scroid áirneáin agat: séire deireannach.

Nach an-théarma é sin ar an bpaca curry chips nó ar an spice bag a bhíonn agaibh tar éis daoibh ualach cairte asail de phórtar a chaitheamh siar?

Nó, nach bhféadfaí an dá nath a mheascadh lena chéile chun Gaelainn a chur ar an mbrunch a bhíonn ag cuid agaibh idir bricfeasta agus lón – scroid eadra?

Scroid airneáin agus bolgam eadra. Nach Deas iad?

Fág freagra ar 'Nach deas é? Scroid airneáin agus bolgam eadra…'