NACH DEAS É? Rith a thóna agus a chinn leis…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Rith a thóna agus a chinn leis…

An gcorraíonn mo thóin an gúna seo go deas? Sin ceist a chuirfeas corrbhean a mbeidh gúna nua ceannaithe aici i gcomhair na Nollag. Ní hí an fhírinne an freagra is feiliúnaí go minic i gcásanna den sórt sin.

Tá éadach orthu anois agus ‘bicycles’ faoina dtóin a dúradh nuair a thosaigh an saol ag feabhsú.

Chuir sé a thóin amach a déarfaí faoi dhuine a thuirseodh é féin ag obair.

Dá mbeadh duine le cuthach d’fhéadfaí a rá go raibh a thóin amuigh freisin.

Rith a thóna agus a chinn a bheadh leis an té a mbeadh iomarca cead a chinn aige.

Dá mbeadh duine idir dhá chomhairle bheadh a thóin idir dhá stól.

Tharlódh sé go mbeadh an t-asal ag gabháil dá thóin in airde sa ngarraí.

Síleann sí gur ar a thóin a éiríonn an ghrian a déarfaí faoi bhean a mbeadh moladh rómhór aici ar a grá geal.

D’fhéadfadh daoine a bheith ag éirí as tóin fír nó mná i.e., ag déanamh Dia beag den duine sin.

Dá gcuirfeá do thóin ar an ngealach ní bhfaighidh tú é, a déarfaí le duine nach mbeadh aon sásamh á thabhairt dó.

Tóin le talamh a thugtaí ar bhean nó ar fhear nach mbeadh mórán airde iontu.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Rith a thóna agus a chinn leis…'