NACH DEAS É? Rinneadh greamanna seabhaic de…

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Rinneadh greamanna seabhaic de…

Dá gcloisfeá go ndearnadh greamanna seabhaic de rud chiallódh sé sin go ndearnadh spruánaí, mionachar, píosaí beaga de.

Is iomaí cineál seabhaic ann—seabhac gorm, seabhac seilge, seabhac gaoithe, seabhac Íoslannach, seabhac Graonlannach, spioróg, pocaire gaoithe, meirliún, fabhcún gorm, clamhán, cromán na gcearc.

Bíonn daoine ag seilg le seabhac. Seabhcóireacht a thugtar air sin.

Thugtaí seabhac ar laoch fadó. Léigh muid faoi na seabhaic nár staon ón ngleo—nár loic sa troid.

Tá súile seabhaic aige a déarfaí faoi dhuine a mbeadh amharc géar aige. Bíonn súil seabhaic i bPáirc an Chrócaigh i gcomhair na gcluichí.

Ná trí rud is fearr radharc, cú ar ard, seabhac i gcrann nó cailín óg lá aonaigh.

“An Seabhac” an t-ainm cleite a bhí ar an scríbhneoir Pádraig Ó Siochfhradha.
Castar an seabhac orainn go minic i litríocht agus i mbéaloideas na Gaeilge. Tá sé luaite sa Táin Bó Cuailgne, mar shampla.

Insítear faoi Ghearóid Iarla Deasmhumhan go raibh sé in ann é féin a athrú ina éan dá bhfeilfeadh sin. Bhí a bhean ag tuineadh leis é a dhéanamh. Dúirt seisean go ndéanfadh ach dá dtiocfadh scanradh uirthi ar chúis ar bith nach mbeadh sé in ann a theacht ar ais ina dhuine aríst.

Rinne sé lasair choille de féin agus thosaigh sé ag eiteall ar fud an tseomra. Sheas sé ar ghualainn na mná agus séirse ceoil aige.

D’eitil sé amach sa ngairdín ansin ach tháinig seabhac de sciotán ina dhiaidh. Lig an bhean béic aisti le teann faitís.

Buaileadh an seabhac in aghaidh boird agus maraíodh é.

Nuair a d’fhéach an bhean thairsti ní raibh tásc ná tuairisc ar an lasair choille. Ni fhaca sí a fear níos mó ach an oiread. Ní insítear ar áthas nó a mhalairt a bhí uirthi.

Rinneadh greamanna seabhaic de. Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Rinneadh greamanna seabhaic de…'