Dá gcloisfeá go ndearna duine caora de féin níor cheart duit a cheapadh gurbh é an chaoi ar ghléas sé é féin mar a bheadh caora ann le bheith páirteach i ngeamaireacht.
Chuile sheans gur ar meisce a bhí sé.
D’fhéadfá a rá go raibh sé caochta ar meisce agus nach bhfeicfeadh sé poll i ndréimire. Bheadh sé ar steallaí dearga meisce, bailithe, ar dúmheisce, stiúgtha ólta. Ní bheadh cos faoi.
Meisceoir, druncaeir agus pótaire a bheadh ann.
Tá neart seanfhocla ann faoin meisce. Seo cuid acu:
Tart deireadh an óil, is brón deireadh na meisce.
Bean ar meisce, bean in aisce.
Náire ar fhear meisce, rud nach bhfaightear.
Dónall ar meisce agus a bhean ag ól uisce agus na páistí ag scréachaíl—eisean le drabhlás, is a mhuirín beo bocht.
Lá ar meisce is dhá lá ag ól uisce – nuair a bhíonn an t-airgead caite ar ól, múchtar an tart le huisce.
Is iomaí duine a bheadh ar meisce dá bhfaigheadh sé deoch in aisce.
‘Oíche aerach, maidin bhrónach,
Sciortaí salacha is pócaí folmha
Seo é luach saothair na meisceoirí mallaithe.’
Sceitheann meisce mírún, ní cheileann meisce rún.
Seachain lucht meisce, lucht leisce is drúise – líne as amhrán.
Rinne sé caora de féin. Nach deas é?
Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Rinne sé caora de féin…'