Dá gcloisfeá caint ar phutóga dubha na Nollag b’fhéidir go gceapfá gur bia blasta i gcomhair na féile a bheadh i gceist. Bíonn putóg na Nollag ann ar ndóigh ach sa gcás seo cur síos a bhíonn á dhéanamh ar laethanta dubha aimsir na Nollag.
Bíonn gearróga dubha na Nollag ann timpeall seachtain roimh is i ndiaidh an lae is giorra sa mbliain.
Is é dubhluachair na bliana an tréimhse idir Nollaig agus Féile Bríde.
Seascach na gcearc a bhíonn ann ó Shamhain go Nollaig.
Is úr na broibh go Nollaig.
Mar a bhíonn dhá lá dhéag na Nollag, beidh dhá mhí dhéag na bliana.
Tagann fad coiscéim coiligh ar an lá ó Lá Nollag Beag amach.
Bia is deoch faoi Nollaig, is éadaí nua faoi Cháisc.
Oíche Inide gan feoil,
Lá Nollag Mór gan im,
Domhnach Cásca gan arán,
Sin é an bothán lom.
Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Putóga dubha na Gaeilge'