NACH DEAS É? Pósadh an fhómhair agus scaoileadh an earraigh

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Pósadh an fhómhair agus scaoileadh an earraigh

B’fhéidir go gceapfá gur colscaradh a bheadh i gceist ansin ach ní le pósadh a bhaineann sé ach leis an gceangal a déantar ar phunanna arbhair.

Sábháil an fómhar a fhad is a bheas an ghrian ard, a deirtí. Deirtí go minic freisin nach iad na fir mhóra a bhaineann an fómhar ar fad.

An té nach gcuirfidh san earrach ní bhainfidh sé sa bhfómhar.

Tá dhá lá san earrach chomh maith le deich lá sa bhfómhar.

Bíonn daoine ag magadh fúmsa nuair a bhainim an fómhar glas, ach bímse ag magadh fúthu nuair a thiteas an grán as.

Is minic nach é an té a shábháil an fómhar a fuair bainne na bó.

An té a bhíos ag síorfhéachaint ar néalta ní bhainfidh sé fómhar – gan é in ann a intinn a dhéanamh suas.

Is maith é fómhar na míoltóg—comhartha teasa iad.

Is fial an fómhar ach is é an samhradh an fear gortach – bíonn torthaí aibí sa bhfómhar, ach sa samhradh ní bhíonn siad ach ag fás.

Fómhar féarmhar agus earrach éagmhar – má bíonn flúirse ann sa bhfómhar bíonn ganntan ann san earrach.

‘Nuair a thagann an fómhar bíonn lón ag na daoine

Agus bia le stóráil faoi choinne an gheimhridh,’ a dúirt file de na Callanáin.

‘Nach críonna í an bheach tráth a ní sí a nead, le grian is le teas an fhómhair,’ a dúirt file eile.

Bhí file ann a dúirt gur ar choinleach glas an fhómhair a chonaic sé a ghrá geal ar dtús.

Is mar dhrúcht an fhómhair is ea a bhreathnaíos sí, a dúirt Raiftearaí faoi Mháirín Staunton.

Nach deas an radharc iad na Beanna Beann Beola maidin fhómhair le héirí lae, a dúirt Máire Ní Ghuairim as Roisín na Mainiach i bparóiste Charna.

Ní maith leis an mairnéalach an ghaoth aniar aduaidh, ach uair amháin i ngach seacht mbliana, agus an uair sin féin sa bhfómhar.

Ná mol is ná cáin an fómhar go mbí an Mhí Mheáin thart.

Ní thagann fuacht go hearrach ná teas go fómhar.

Chomh líonta le frog fómhair.

Chomh ramhar le fiach dubh sa bhfómhar is le feannóg san earrach—gur fearr gach aon cheann ina shéasúr féin.

Ní lia sméara sa bhfómhar ná barúla daoine.

Áit é na flaithis, gan sconsa, gan geata, ina gcaithfimid an fómhar.

Samhradh beag na ngéanna – an aimsir bhreá a thagann i ndeireadh an fhómhair, nó faoi Shamhain. Deirtí i Mionlach gur ón cúigiú lá déag de Mheán Fómhair go dtí an cúigiú lá déag de Dheireadh Fómhair a bhíonn sé ann.

Is minic a bhí fómhar na ngéanna crua scuabach. Is ionann scuabach sa gcás sin agus an aimsir a bheith straidhpeach, scallóideach, siotach.

Tá ciall eile le bheith ag déanamh fómhair –  a bheith ag cúirtéireacht.

Tá bláth ann a dtugtar cróch an fhómhair air.

Féileacán fómhair a thugtaí ar chailín dathúil a mbeadh an-bharúil aici di féin.

Fómhar na farraige a thugtar ar an iascaireacht.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Pósadh an fhómhair agus scaoileadh an earraigh'