NACH DEAS É? Onóir gan deis nó putóg gan geir…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Onóir gan deis nó putóg gan geir…

Onóir gan deis nó putóg gan geir…

Deirtear gurb iad sin an dá ualach is measa ar bith. Tá go leor leaganacha cainte ann a bhfuil an focal ualach iontu.

Seo cuid acu:

Ualach ghiolla na leisce – é ag iompar iomarca, leisce dul faoina choinne faoi dhó, is sileann a leath.

Is tromualach é an leisce.

Ualach beag a dhéanann scafántacht.

Ní hualach don cholainn ciall.

Ní hualach do dhuine foghlaim, ach is trom an t-ualach aineolas.

Tá sé chomh maith daoibh ualach éadrom a dhéanamh anois de – gan ligean dó buairt a chur oraibh.

Chuir sé ualach ar mo chroí nuair a d’airigh mé an drochscéal.

B’fhearr dhuit an braon ná an t-ualach – is fearr caoineadh ná ualach bróin ar do chroí.

Chuir rudaí a d’ith sé ualach air agus b’éigean dó luí ar an leaba.

Is fearr leis an gcat orlach de choinneal gheal ná ualach capaill de ghiúsach.

Tharraingeodh an capall an choill, ach mharódh ualach amháin  í – fulaingíonn duine go leor ach má thagann iomarca ní bheidh sé in ann aige.

Ní ceart ualach trom a chur ar asal lag.

Ualach chapall na muintire – a seanualach a chur ar an gcapall a bhaineann le chuile dhuine.

Leagann gach duine ualach ar an ngearrán éasca.

Is fada ón muileann a leag tú d’ualach – a bheith i bhfad ón gceart.

Ní hualach don chapall an tsrian.

Má tá fearg ort, nár mhaire tú d’ualach.

Rinne Dia an droim don ualach – ní chuirfidh Dia tada i do bhealach nach mbeidh tú in ann a fhulaingt.

An t-ualach nach bhfuil tú féin in ann a iompar, ná hardaigh ar aon duine eile é.

Is trom an t-ualach bolg folamh.

Ualach ghiolla na gciomaí –uabhar is postúlacht ar dhuine suarach.

Onóir gan deis nó putóg gan geir, an dá ualach is measa ar bith.

Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Onóir gan deis nó putóg gan geir…'