Nach deas é? Oiread sciathán míoltóige d’fheoil…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Oiread sciathán míoltóige d’fheoil…

Tá an leagan cainte ‘oiread sciathán míoltóige d’fheoil…’ i leabhar Dhónaill Mhic Amhlaigh, Dialann Deoraí. Fear as Ros Muc a bhí ag cur síos ar lead a chuaigh ag baint fhéir don bhaintreach seo.

Bhí sé ag spealadóireacht leis ar feadh an lae is gan aon chaint aici féin ar é a thabhairt chuig an dinnéar. Faoi dheireadh, nuair a bhí mo dhuine i riocht titim leis an ocras, ghlaoigh sí isteach air gur thug sí béile dó. Lán an phláta de thornapaí a leag sí síos roimhe, agus oiread sciathán míoltóige d’fheoil istigh i lár baill. Thosaigh mo dhuine ag ithe, agus bhí sé ag ithe na dtornapaí agus ag dul timpeall na feola gan aon ghreim a bhaint aisti. Faoi cheann scaithimh, arsa bean an tí leis:

‘Cén diabhal atá ort nach n-itheann tú an mhairteoil, nó arb é an chaoi a bhfuil faitíos ort go ngabhfaidh sí ag géimneach thíos i do bholg?’

Thóg mo dhuine a chloigeann den phláta agus d’fhéach sé go buartha ar an mbaintreach.

‘M’anam maise, má théann,’ ar seisean, ‘ní easpa tornapaí a bheas uirthi.’

Fág freagra ar 'Nach deas é? Oiread sciathán míoltóige d’fheoil…'

  • Múú

    Ceann maith…!