NACH DEAS É? Nuair is gainne meas is ea is fearr an blas…

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Nuair is gainne meas is ea is fearr an blas…

Bhí mé ag cur síos anseo le gairid ar an bhfocal blas. Ó shin i leith casadh tuilleadh leaganacha cainte dhom a bhfuil an focal blas iontu. Is mian liom iad a roinnt libhse mo chuid léitheoirí anois (an bheirt agaibh).

D’fhéadfadh blas searbh, blas deataigh, blas bolcánach, blas borb, blas géar, blas an seachtú crosán, nó blas camhraithe a bheith ar rud.

Is minic a ólann daoine fuisce ar a bhlas – gan aon uisce a chur tríd.

Ní dheachaigh blas thar mo bhéal inniu a déarfá dá mbeadh sé in am agat a dhul ag ithe.

Tá blas na fírinne ar a chuid cainte.

Tá Gaeilge bhlasta aici.

Níl blas na hÉireann ar a chuid cainte.

Tá blas agus dath ar a chuid cainte.

Tá blas na gaoithe ar na prátaí.

Tógfaidh an bia blas na hola.

Diabhal blas oibre a rinne sé i gcaitheamh an lae.

Blas gach bia an gráinnín salainn.

Nuair is gainne meas is ea is fearr an blas – nuair nach bhfuil le fáil ach beagán is fearr an sásamh a bhaintear as. Bíonn blas ar an mbeagán lena rá ar bhealach eile.

Ní raibh blas buíochais aige orm.

Mura bhfaightear maith ní thugtar buíochas.

Is fearr fuacht carad ná blas namhad.

Bíonn blas na meala ar bháisteach na Féile San Seáin – is tráthúil an uair sin í.

Dúradh an méid seo in ‘Amhrán na Trá Báine’:

Ní raibh blas ar bith dár cheannaíodar nach dtáinig don Tra Bháin,

Tháinig na maidí ar an duirling ann is an curach ar an trá.

Féach an rann seo freisin:

Is tuirseach an áit a bheith ag faire báid,

Is tuirseach an áit ar shráid fhuair i do sheasamh,

Ach is tuirsí ná sin a bheith ag éisteacht le giolla gan blas.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Nuair is gainne meas is ea is fearr an blas…'

  • Pól Ó Braoin

    Bhuel a Sheosaimh is duine den bheirt cheanann chéanna mé féin… Nár lagaí Dia go deo thú…