Nach deas é? ‘Níor inis mé bréag ariamh ach san áit nach bhfeilfeadh an fhírinne…’

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? ‘Níor inis mé bréag ariamh ach san áit nach bhfeilfeadh an fhírinne…’

‘Níor inis mé bréag ariamh ach san áit nach bhfeilfeadh an fhírinne,’ a dúirt pearsa i scéal a bhí fear as Gleann Mhac Muirinn (Gleannach Muirinn) a inseacht.

Deirtear go mbíonn dhá chraiceann ar an bhfírinne agus dhá thaobh ar an mbileog. Deirtear freisin go mbíonn an fhírinne searbh.

Bhain scríbhneoir cumasach as Tír Chonaill, Seosamh Mac Grianna, casadh eile as an seanrá sin: ‘Deir siad go bhfuil an fhírinne searbh, a dúirt sé ‘ach, creid mise, ní searbh atá sí ach garbh agus sin é an fáth a seachnaítear í.’

Creideadh i gcónaí go raibh trí ní ann nach bhféadfaí a fhoghlaim, fonn, féile agus fírinne.

Ní chreidtear an fhírinne ó fhear déanta na mbréag agus bíonn an chontúirt ann i gcónaí go sceithfeadh fíon bréag.

Ceapadh nach raibh beirt ar bith ba bhréagaí ná táilliúir agus gréasaí. Is dóichí gur ag gealladh a bhídís go mbeadh obair don chustaiméir réidh acu lá faoi leith agus nach gcuiridís leis an ngealltanas.

Mar sin féin ní raibh siad chomh bréagach leis an bhfear a dúirt gur

chuala sé an féar ag fás.

Tá leaganacha go leor ann go deimhin faoi na bréaga. Seo cuid acu:

Is é an diabhal athair na mbréag.

Cosnóidh tú thú féin ar an bhfear bradach ach ní féidir thú féin a shábháil ar an bhfear bréagach.

Caitear bréag a chothú le bréag eile.

Meallann an fear bréagach an fear santach.

Deartháir don bhréag an béal bán.

Ní féidir an fhírinne a cheilt.

Fág freagra ar 'Nach deas é? ‘Níor inis mé bréag ariamh ach san áit nach bhfeilfeadh an fhírinne…’'