‘Níor fhiafraigh sé dhíom an raibh béal orm’ a déarfá faoi dhuine nach dtabharfadh greim bia ná braon le n-ól dhuit.
Cén bhrí ach go mb’fhéidir nach ndeachaigh greim i do bhéal ó mhaidin.
Ní móide go gcreidfeadh sé thú dhá ndéarfá leis nach raibh agat ach ón láimh go dtí an béal sa saol le tamall.
B’fhéidir go gcuirfeá i gcuimhne dhó go raibh tú féin agus é féin ag ithe as béal a chéile roimhe seo, is é sin go raibh sibh an-mhór le chéile.
Ní ghlacfá le béal bán uaidh ach an oiread agus is lú ná sin a d’admhófá gur béal bocht a bhí tú a dhéanamh chuile lá ariamh.
Chuala tú i gcónaí gur binn béal ina thost ach ba dheacair dhuit an ceann seo a ligean tharat.
Dá dtosódh mo dhuine ag maíomh as an mbia a bheadh sé féin a ithe déarfá leis gur gar dá bhéal féin a bhí sé á mholadh.
Bhagrófá air go mbeadh an feall a rinne sé ort ina lán béil ag an bpobal go deo.
Dá mba Críostaí é mheabhrófá dhó nár ordaigh Dia béal gan bhia.
Carraig
Agus gur minic a bhris béal duine a shrón!