NACH DEAS É? Níl misneach cait aige…

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Níl misneach cait aige…

Nach deas é? 

Níl misneach cait aige a déarfaí faoi dhuine a bheadh scáfar, critheaglach. Ar an taobh eile den scéal, d’fhéadfadh duine a bheith ann a mbeadh misneach leoin aige, a bheadh chomh cróga le leon.

Sin bia a bhfuil misneach ann a déarfaí faoi bhia folláin tacúil. 

Múscail do mhisneach, a Bhanba, a dúirt an file.

Gabhfaidh meanmna agus misneach chugaibh agus seinnigí an Dord Fiann dúinn, a deireadh Fionn Mac Cumhaill leis na Fianna agus é á spreagadh.

Tharlódh go bhfiafrófaí faoi dhuine a bheadh lag tinn ‘an bhfuil aon mhisneach siúil aige?’ Nó aríst, b’fhéidir, go bhfiafrófaí ‘cén misneach atá aige inniu?’

Is ionann ‘níl aon mhisneach acu as’ agus go bhfuil cosúlacht nach dtiocfaidh sé as an tinneas. Níl aon mhuinín acu as, lena rá ar bhealach eile. 

Go dtuga Dia misneach dó, tá Dia grástúil, a déarfadh duine a bheadh ag tabhairt dóchais do mhuintir an duine bhreoite. 

An bhfuil sé de mhisneach agat beart a dhéanamh de réir do bhriathair, a fhiafraítear de dhuine scaití: an bhfuil uchtach agat le seasamh le do chuid prionsabal? 

Misneach a thógas caisleáin.

Níor chaill fear an mhisnigh ariamh é. 

Dá gcaillfeá do mhisneach thitfeadh an lug ar an lag agat. 

Dhá dtrian den chath an misneach.

Is fear gan aon mhisneach nach rithfeadh naoi n-uaire an cás. 

Triail naoi n-uaire é sula gcaillir do mhisneach.

Arsa file amháin:
Ach thug sí dhomh gealladh thug misneach dhomh is do théigh mo chroí,

Go dtréigfeadh sí an fear sin is go rachadh sí liom féin mar mhnaoi. 

Ach glac misneach, a Bhríd, is ní baol dhuit feasta an fear rua, a dúirt file eile agus é ag iarraidh Bríd a mhealladh óna fear céile.

Glac misneach, a Bhríd, is ní caoifeach dhuit feasta an fear rua a bhíodh ann. Is ionann caoifeach agus comrádaí. 

Is fánach an chaoi a n-athraítear focal sa gcaint, go háirid in amhrán.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Níl misneach cait aige…'