NACH DEAS É? Níl aon chuileogaí air sin, má tá is cuileogaí caillte iad

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Níl aon chuileogaí air sin, má tá is cuileogaí caillte iad

Níl aon chuileogaí air sin, má is cuileogaí caillte iad.

Sin é a déarfaí faoi dhuine glic. Bheadh sé chomh glic leis an tseanluch agus leis an sionnach. Go deimhin bheadh sé chomh glic is go meallfadh sé an capall ón gcoirce.

Ní bheadh sé éasca an dallach dubh ná an dubh ina gheal a chur air. Ní bheadh aon néal air. Is beag a tharlódh gan fhios dó.

Ní inniu ná inné a rugadh é.

Ní haon pháiste ó aréir é.

Is iomaí cineál cuileoige ann. Seo cuid acu: cuileog dhubh , cuileog thirim, cuileog thí, cuileog bhréige, cuileog Bhealtaine, cuileog ghorm.

Cuil a thugtar ar an gcuileog go minic.

Seo roinnt leaganacha eile cainte a bhfuil an focal cuileog nó an focal cuil iontu:

Níor mhiste liom a bheith i mo chuil ar an mballa don chomhrá sin.

Is minic a cheaptar bradán le cuileog.

‘Nach mise a thóg an ceo!’ mar dúirt an chuileog i ndiaidh an chóiste.

Bhí cuileog ag dordán i mo chluas.

Ní théann cuileog sa mbéal a bhíonn dúnta.

Ní ghortódh sé cuileog.

Nuair a bhíonn go leor cuileog le chéile púir cuileog, saithe cuileog nó scaoth cuileog a thugtar orthu.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Níl aon chuileogaí air sin, má tá is cuileogaí caillte iad'

  • Conchobhar

    ‘smaith liom iad. Ní cheapaim gur chuala mé aon riamh. Ní thuigim chuile ach sin páirt den spraoi le foghlaim nathanna cainte nua