NACH DEAS É? Níl aon chlóic uirthi…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Níl aon chlóic uirthi…

Dá gcloisfeá nach raibh aon chlóic ar bhean ní hin le rá nár chuir sí uirthi a clóca ar fhágáil an tí di ar maidin. Níl aon mhairg uirthi is ciall leis.

D’fhéadfaí an focal clóic a úsáid ar na bealaí seo:

Dheamhan clóic orm ina dhiaidh (tar éis timpiste).

Dheamhan clóic a bhí air ag gabháil abhaile sa sneachta.

Ach d’fhéadfadh duine a bheith faoi smúid is faoi chlóic freisin – brónach, duairc.

Maidir leis an bhfocal mairg d’fhéadfá úsáid a bhaint as ar na bealaí seo:

Níl lá dá mhairg orm.

Is mairg nach mbíonn foighid aige.

Is mairg a d’iarrfadh ciall ar pháiste.

Is mairg a ligean a leas ar cairde.

Is iomaí rud a bhíonn ag cur mairge ar dhaoine saibhre.

Níl aon chlóic uirthi. Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Níl aon chlóic uirthi…'