NACH DEAS É? Ní thrustfainn go dtí an doras sin thall é….

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Ní thrustfainn go dtí an doras sin thall é….

Ní thrustfainn go dtí an doras sin thall é, a dúirt cara liom faoi dhuine a raibh aithne aige air agus gan aon bharúil mhór aige dhó.  Ní raibh aon iontaoibh aige as. Ní raibh aon mhuinín aige as. Ní fhéadfaí brath air, b’fhacthas dó.   

Cheap sé gur duine a bhí ann a loicfeadh air in am an ghátair.  Lena rá i mbeagán focal,  ba é a bhreithiúnas nach raibh an duine sin intrust.  Ní trustaí maith a bhí ann, dar leis.

‘Dá mbeifeá go dtí do smig i bpoll puitigh níl mé a rá go gciceálfadh sé síos tuilleadh thú ach by dad ní tharraingeodh sé aníos ach an oiread thú.’

Sin é a dúirt cainteoir as an bpobal seo faoi chomharsa leis.

Thrustfainn an ruainne éisc a bheadh lá carghais agam leis, a dúradh faoi fhear eile – ní raibh sórt gadaíocht ar bith ann.

Thrustfainn mo bheatha leis.

Thrustfainn m’anam leis.

Ní thrustfainn fataí seaca leat, a dúradh faoi dhuine nach raibh aon iontaoibh ag an gcainteoir as.

Níl oíche fómhair intrust, a deirtí. Go deimhin théití níos faide leis an scéal sin: an dá rud is deacra a thrust, intinn cailín óig is oíche fómhair. Ní raibh caint ar bith ar an muinín a d’fhéadfaí   a chur in intinn an fhir óig.

Bhí leagan cainte níos gránna fós ag imeacht: ‘ná trust oíche fómhair go dté sí  thart, ná trust do bhean go dté sí i dtalamh’.

Seo fainicí eile a chuirtí ar dhaoine faoin trust:

Ná trust teanga liom leat.

Ná trust ciúin ciontach.

Ná trust adharc na bó, crúb an chapaill ná gáire an tSasanaigh.

Tá go leor trust ligthe amach aige, a déarfaí faoi shiopadóir a mbeadh earraí ligthe ar cairde aige.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Ní thrustfainn go dtí an doras sin thall é….'