Ní thiomáinfeadh sé tairne trí phunt ime a dúradh faoi cheardaí nach raibh mórán barúil ag daoine dhó. Cuireann sin i gcuimhne dhom an fear a bhí ag freastal ar cheardaí eile. Fear a bhí anseo a chaith seal i Meiriceá.
“Thall i Meiriceá anois,” a dúirt sé, “tá siad in ann tairne mar sin a thiomáint le haon bhuille amháin den chasúr.”
“Taispeáin dhom an chaoi a ndéanann siad é,” a dúirt an ceardaí.
Tharraing an freastalaí buille ar thairne agus bhuail sé san ordóg é féin.
“Chaithfeadh sé,” a dúirt an ceardaí, “nach bhfuil ordóg ar bith fágtha ar na fir cheirde atá i Meiriceá.”
Namhaid an cheird gan í a fhoghlaim, a deir an seanfhocal. Bhí meas ar an gceardaí ó aimsir an Ghobáin Saor agus i bhfad roimhe is dócha. Ceapadh gur bhreá an tslí bheatha a bhí sa gceardaíocht. An té a mbíonn ceird aige bíonn beatha aige, a deirtí. Bíonn póca teann ag fear na ceirde. Nó, lena rá ar bhealach eile fós, is fearr lán doirn de cheird ná lán mála d’ór.
Is í leath na ceirde an oirnis, a deirtí freisin.
Maidir lena bheith místuama, d’fhéadfadh duine a bheith místuama taobh amuigh de chúrsaí ceirde ar fad – chomh místuama le muc i bparlús.
Fág freagra ar 'Nach deas é? Ní thiomáinfeadh sé tairne trí phunt ime'