Nach deas é? Ní raibh cearc acu a scríobfadh an t-aoileach dóibh…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Ní raibh cearc acu a scríobfadh an t-aoileach dóibh…

Ní raibh cearc acu a scríobfadh an t-aoileach dóibh a deirtí fadó faoi dhream a bheadh bocht. Bheidís chomh bocht leis an deoir, leis an uisce, le bairneach. Bheidís beo bocht dealbh agus ar an anás. Ní bheadh acu ach ón láimh go dtí an béal agus iad ar an trá fholamh amach is amach.

Deirtear go bhfuil trí chineál duine bocht ann: An bocht le toil Dé, an bocht lena thoil féin, is an bocht dá mba leis an saol.

Is minic na boicht molta ag lucht eaglaise, ag gealladh ríocht na bhFlaitheas dóibh ach iad a bheith foighdeach agus glacadh le toil Dé:

Déan an rud ceart cóir,

Ná hiompaigh do chúl leis an duine bocht,

Sa tír seo níl seisean faoi ardonóir

Ach i láthair Dé té sé gan locht.

B’fhéidir é ach corrdhuine a bhíonn ag iarraidh a bheith bocht ina dhiaidh sin féin. Is maith a tuigeadh i gcónaí gurb é ‘an ceann trom den bhata a fhaigheann an bocht’ agus go mbíonn ‘glam ag chuile mhada ar an duine bocht’.

Go deimhin creidtear go dtéann an dlí féin ‘chomh dona don duine bocht is a théann an bháisteach do na cearca’.

Rud amháin a deirtí a d’fhéadfadh a bheith ina ábhar sóláis ag an té is boichte ar bith – ‘níl aon duine bocht a bhfuil amharc na súl aige is lúth na gcos.’

Fág freagra ar 'Nach deas é? Ní raibh cearc acu a scríobfadh an t-aoileach dóibh…'