Nach deas é? ‘Ní raibh aon fhocal Gaeilge aige ach oiread leis an mbácús, ach chuirfeadh sé Béarla suas i dtóin gabhair…’

Nach deas é? Ní raibh aon fhocal Gaeilge aige ach oiread leis an mbácús, ach chuirfeadh sé Béarla suas i dtóin gabhair…

Nach deas é? ‘Ní raibh aon fhocal Gaeilge aige ach oiread leis an mbácús, ach chuirfeadh sé Béarla suas i dtóin gabhair…’

Agus an chaint ar fad atá tarraingthe le tamaillín ag Gaeilge bhaile seirbhíse Chorca Dhuibhne, meabhraíodh dom go mbíodh an chaint sin riamh ann – foghlaimeoirí ag súil le ceardlann ón gcainteoir dúchais ar shanasaíocht an fhocail ‘stropa’ agus eisean ag iarraidh an bhearna a thógáil scafánta agus a ghabháil ag socrú. Nach minic a dúradh faoin bhfoghlaimeoir bocht díograiseach sin: ní raibh aon fhocal Gaeilge aige ach oiread leis an mbácús.

Ar an taobh eile den scéal bhíodh iontas á dhéanamh faoinár lucht aitheantais a raibh cáil an dea-Bhéarla orthu, agus ba mhór an moladh orthu a rá: chuirfeadh sé Béarla suas i dtóin gabhair.

Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? ‘Ní raibh aon fhocal Gaeilge aige ach oiread leis an mbácús, ach chuirfeadh sé Béarla suas i dtóin gabhair…’'