Nach deas é? – ‘Ní ligfeadh sé luch as poll ná diabhal as ifreann!’

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? – ‘Ní ligfeadh sé luch as poll ná diabhal as ifreann!’

Is beag an t-iontas nach bhfuil aon easpa focal orainne anseo in Éirinn le cur síos a dhéanamh ar an mbáisteach agus na cineálacha éagsúla ar fad di a thagann isteach thar bóchna an bealach seo.

Agus mé ag tabhairt m’aghaidh siar aréir i mo bhoiscín teolaí stáin agus mé ar mo mhine ghéire ag iarraidh na fuarlaigh a sheachaint, bhí mo choinsias ag spochadh liom faoin gcarbón agus an brocamas a bhí á sceitheadh ag mo bhoiscín fánach, truailliú ba chionsiocair leis an díle agus an duartan.

Le mo choinsias a bhréagadh, seo liom ag reic cineálacha báistí –múr, cith, scrabh, brádán, sceid, scráib, streall, tuile, rilleadh, síobadh, clascairt, gleidearnach, gleadhradh, sceana gréasaí, tuairt, tulca,  srl

Ach an cur síos ab fhearr a d’fheil don oíche aréir – ‘ní ligfeadh sé luch as poll ná diabhal as ifreann’! Agus má tá aon chiall ag luch ná diabhal ná cuiridís a smut féin amach mar folcadh maith eile atá á thuar do na bólaí seo anocht!

Nach deas é?