Nach deas é? Ní fiú trumpa gan teanga é…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas e?Jar JAr

Uirlisín bheag cheoil is ea an trumpa i bhfoirm na cruite ina bhfuil teanga mhiotail ina lár istigh. Cuirtear an trumpa i gcoinne na bhfiacal agus seinntear í tríd an teanga mhiotail a bhogadh le do mhéar. Ceol deas a thagann uaidh, agus tá an ceol céanna ceangailte i gceannaithe na nGael le blianta móra fada, ó is é ceol aitheantais RTÉ Raidió na Gaeltachta ón gcéad lá.

Tá sé de nath againn i gCorca Dhuibhne, má bhíonn rud éigin gan mhaith, lochtach nó easnamhach, nach fiú ‘trumpa gan teanga é’, ó ní dhéanann trumpa gan teanga ceol. Dá mbeifeá ag iascach agus dá mbeadh d’inneall ag teip ort de shíor, thiocfadh goimh ort agus déarfá ‘caith i bhfarraige an diabhal ruda úd, mar ní fiú trumpa gan teanga é’. Dá mbeifeá ag iarraidh rud a scríobh le Biro a bheadh ag stracadh an leathanaigh cheal dúigh, chrústófá don bhruscar é agus an nath céanna á fhógairt agat air.

Agus, cuirim i gcás go bhfágfaí Rialtas agat ina mbeadh Aire Gaeltachta gan Gaelainn, cúrsaí  ealaíne ina ndílleachta sa Roinn um Meascán Mearaí, ár nOidhreacht ar lár ar fad agus oileánrach gan Aire Mara, d’fhéadfá a rá, dá mba mhaith leat a bheith ana-shmeartáilte agus an-chiniciúil, nach fiú trumpa gan teanga é.

Ní fiú trumpa gan teanga é. Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? Ní fiú trumpa gan teanga é…'

  • Seán

    faightear an rá céanna i nGaeilge Mhionlaigh i gcontae na Gaillimhe

  • padraig

    ni fiu birean e, ni fiu traithnin e, ni fiu mo ch*c e….