Is iomaí sin bealach a bhíonn againn lenár ndrochmheas ar dhuine a chur in iúl agus le beag is fiú a dhéanamh de féin agus dá mbíonn le rá aige. Ní fiú linn éisteacht leis, ní áirím aon chomaoin a chur air.
Tugaimid an chluas bhodhar dó agus ligimid a ndeir sé thar ár gcluasa. Tugaimid cluasachán air le drochmheas ar a mheabhair chinn nó lena chur in iúl gur beag atá idir a dhá chluas.
Is minic a deirtear ní ghabhfainn trasna an bhóthair ag éisteacht leis nó ní éireoinn de mo thóin le hé a chloisteáil ach sílim féin go mbaineann an rá seo barr díobh sin ar fad – ní chorróinn mo chluas ar mo leiceann dó.
Nach deas é?
Fág freagra ar 'Nach deas é? Ní chorróinn mo chluas ar mo leiceann dó…'