Nach deas é? Ní bhearrfadh púnt gallúnaigh é…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas e? begbie

Bhíos ag allagar le duine de sheana-phortáin an pharóiste i dtigh an óil an tráthnóna eile agus, ní nach iontach i gCiarraí, cúrsaí caide a bhí againn á bp.

Cliseadh ár laochra i gcoinne Ros Comáin a bhí fé chaibidil. Ní raibh an seanduine pioc sásta le geáitsí leanbaí duine de chúlaithe na Ríochta tar éis don réiteoir a fheadóg a shéideadh agus saorchic a thabhairt ina choinne.

“Bhí sé ag hapadaíl ansúd fé mar a bheadh uan nua-bheirthe nó pocán gabhair ar théadán nó plubaire linbh a bheadh tréis a icecream a chaitheamh ar an dtalamh,” ars’ é sin.

“Bhí conach air,” a dúrtsa.

“Ní bhearrfadh púnt gallúnaigh é,” arsa mo dhuine.

Ba oiriúnach an nath é do iompar an phocadáin, is é sin go raibh sé chomh oibrithe sin ná beadh sé socair a dhóthain chun é a bhearradh ar feadh tamaill mhóir. Fén gceannfhocal ‘Bearradh’ deir An Duinníneach linn ‘budh dheacair é bhearradh, it was hard to shave him, that is, he is ‘jumpy’.

Bhí oiread goimhe ar an bpeileadóir go raibh gach orlach dá chorp ag corraí, é ina bheathaigh le fearg, buille agus báine. Bhí sé oiriúnach le ceangal, ach chaithfeá ceangal lae is lán-bliana a chur air chun é a choimeád socair a dhóthain le gallúnach a chur air agus a aghaidh a bhearradh.

D’fhéadfá bearradh a thabhairt do dhuine i slí eile, is é sin bearradh teanga, nó íde béil. Thabharfá bearrthóir chomh maith ar dhuine a bheadh de shíor ag cáineadh agus ag luchtú.

‘Ní bhearrfadh púnt gallúnaigh é’. Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? Ní bhearrfadh púnt gallúnaigh é…'