NACH DEAS É? Nach gann a chuaigh an saol orthu?

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Nach gann a chuaigh an saol orthu?

Tá fir mhaithe gann, a deirtí. D’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi na mná ach más linn a bheith ionraic caithfimid a admháil nach minic a tugadh cothrom na Féinne do na mná i mbéaloideas ná i litríocht na nGael.

Fiafraigh de Mháirín Nic Eoin é – scríobh sí leabhar breá faoin ábhar sin.

Focal eile ar ghann is ea tearc. Bíonn teirce agus tearcamas ann. Bíonn ganntan agus ganntanas ann.

Bhíodh tobac gann aimsir an Chogaidh Mhóir. D’fhéadfadh duine a bheith gann i mbainne, in airgead nó, níos measa ná sin ar fad, gann i gciall.

Níl duine ar bith nach dtagann gann uair eicínt – gann in airgead.

Dúirt an file Colm De Bhailís gur oileán gann gortach a bhí in Inis Meáin. Dúradh an rud céanna faoi áiteanna eile sa tír.

‘An rud a thóg tú faoi Nollaig níor íoc tú fós é/ Is tá an méid sin sách gann ar na páistí,’ a dúirt Colm De Bhailís in ‘Amhrán an Tae’.

Dúirt Raiftearaí nach raibh bia ná tine gann i mBéal Átha Ghártha.

Seo leaganacha cainte eile a bhfuil an focal gann iontu.

Nach gann a chuaigh an saol orthu—daoine a bheadh ag brú isteach ort in áit a mbeadh slua.

Is é is lú is gann dó é sin a dhéanamh.

Ná bí chomh gann sin leis—chomh spárálach.

Nuair is gann an bia is ea is mó an t-ocras.

Nuair is gann an bia is fial a roinnt.

Nach gann atá an guidhe (guí) agat – faoi dhuine nach ndéarfadh paidir ach do dhaoine nó do dhream áirithe.

Ní raibh aige ach cuid an ghanntanais —cuid an bheagáin.

Ní raibh séasúr fliuch gann ariamh.

An áit a mbíonn an ganntanas bíonn an mháthair ar an gcaolchuid—beathaíonn an mháthair an chlann ar dtús.

Is minic teach mór maiseach is é folamh gortach gann.

Nuair a thagann lá fómhair éiríonn an cuidiú gann—nuair a theastaíonn cúnamh uait ní bhíonn sé le fáil agat.

Níl ganntanas ar bith is dona ná ganntan daoine – uireasa cúnaimh go háirithe.

Ghníonn [Déanann] breacloirgneacht earraigh fómhar gann. Smíste leisciúil breacloirgneach a thabharfaí ar bhuachaill láidir a bheadh ag caitheamh an oiread ama cois na tine is go mbeadh a chuid loirgní breac ag an teas. Caolseans go gcuirfeadh a leithéid de dhuine an síol san earrach agus, ar ndóigh, an té nach gcuirfidh san earrach ní bhainfidh sé sa bhfómhar.

Chraith sé an síol go gann.

Is mairg a mbíonn a chairde gann, ’s is mairg a mbíonn a chlann gan mhaith.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Nach gann a chuaigh an saol orthu?'