Nach deas é? Léim ón tine chun na gríosaí…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Léim ón tine chun na gríosaí…

Nach deas é? Léim ón tine chun na gríosaí…

Léim ón tine chun na gríosaí. Is ionann é sin agus a bheith ag dul ó thigh an deamhain go dtí tigh an diabhail. Amach as na muineacha agus isteach sna driseacha bealach eile lena rá.

Sin focal muineach nach gcloistear go minic. Tá focail eile air: scairtín, mothar, rosach, rosán, scairt, crannlach, caschoill, scrobarnach.

Muineach i mbearna a thabharfaí ar dhuine a bheadh fágtha ina bhaileabhair. Chaithfeadh sé go mbeadh gaol gar aige leis an sceach i mbéal bearna.

Bíonn aicearra an chait tríd an ngríosach ann freisin:  a bheith ag dul in áit achrannach nó i gcontúirt le teann driopáis.

Ní chloistear an focal driopás rómhinic ach an oiread. Deifir a chiallaíonn sé, cé go gcaithfeadh sé go bhfuil difríocht idir an dá fhocal. De réir cosúlachta bíonn anbhá ar an té a mbíonn driopás air.

As an deifir tig an driopás, a deirtear i leagan eile.

Bhí sé ina chreideamh i gcónaí nach mbíonn driopás ar oibrí maith.  Níor thug fear maith áladh chuig a chuid oibre ariamh, a deirtí.

Fág freagra ar 'Nach deas é? Léim ón tine chun na gríosaí…'