NACH DEAS É? Le toil d’onóra agus d’aibíde…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Le toil d’onóra agus d’aibíde…

‘Le toil d’onóra agus d’aibíde’ a dúirt fear lá a raibh scliúchas ar bun taobh amuigh de shéipéal i gConamara. Dhá dhream a bhí ag caitheamh cloch le chéile. Bhí liagán de chloch ina chrúib ag béinneach mór d’fhear acu agus é ag fáil faoi réir lena caitheamh nuair a tháinig an sagart amach gur leag sé lámh ar a ghualainn agus go ndearna sé achainí air éirí as an troid.

‘Le toil d’onóra agus d’aibíde,’ a dúirt an béinneach “tabhair cead dhom an chloichín bheag amháin seo a chaitheamh, agus a chur i gcion,  agus stopfaidh mé ansin.”

‘Le toil d’onóra agus d’aibíde…’. Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Le toil d’onóra agus d’aibíde…'