NACH DEAS É? Lán an tsleáin go féil’ tSin Seáin…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Lán an tsleáin go féil’ tSin Seáin…

Lán an tsleáin go Féil’ tSin Seáin, a deirtí. Is éard a chiallaíonn sé sin nach ceart an mhóin a bhaint ró-mhór tar éis an dáta sin ar fhaitíos nach dtiocfadh aimsir mhaith a thriomódh í. Chuirtí i leith sleánadóirí áirithe go mbíodh na fóid a bhídís a bhaint ró-mhór.

Bhí sleánadóir ag baint lá amháin agus a chomrádaí ag scaradh na bhfód uaidh.

‘An bhfuil mé á gearradh ró-mhór?’ a d’fhiafraigh an sleánadóir de.

Fear a bhí ina chomrádaí ar bhreá leis chuile lá ariamh a bheith ag tabhairt aisfhreagraí.

‘Ara, cén dochar,’ a dúirt sé ‘nach le dó a bheas sí sa deireadh ar aon chaoi.’

Is iomaí cineál móna ann:

Móin chipíneach – cipíní agus smutáin tríthi.

Móin uicht – a bhaintear isteach i gcoinne an phoirt.

Móin na féasóige – saghas móna idir fraoch is eile i dtalamh sléibhe nach bhfuil aon phortach ann; baintear an scraith síos go carraig.

Móin bhán – nach bhfuil chomh bog leis an spairt ná chomh crua leis an bhfíormhóin.

Clochmhóin – an mhóin is fearr ar fad; bíonn sí dubh, crua, trom.

Spairt – bíonn sí bog, gan mhaith, gan bhuanacht sa tine.

Móin fút síos – móin a bhaintear le gearradh fút síos.

Móin ghiolcaigh – móin éadrom atá lán de ghiolcaigh. Ná bac le móin ghiolcaigh mar is measa í ná an spairteach féin, a deirtí.

Feoil chapaill – móin a bhfuil grán fada righin inti, mar a bheadh stiallacha feola. Lúbann sí ón sleán agus ní furasta sleán a chur tríthi.

Móin roilleoige – móin a bhfuil cipíní beaga adhmaid inti agus is deacair í a bhaint.

Spairteog – stiall leathan thanaí de mhóin. Le láí a bhainfeá spairteog in áit nach bhfuil ach fód na láí, agus é tanaí leath-thirim. Ní hionann spairteog is spairteach; is fód ceart an spairteach agus le sleán a bhaintear é agus níl sé ina spairteach go dtí go bhfaigheann sé drochshábháil i ngeall ar aimsir fhliuch is iomarca báistí.

Móin láí – móin a bhfágtar an scraith uirthi is a bhaintear le láí.

Móin láibe – móin an-bhog a shuaitear is a ghearrtar ina cácaí.

Seo tomhais a chuirtí: tagann sí isteach ar ghuaillí daoine agus téann sí amach ina ribín síoda.

(Móin an freagra.)

Lán an tsleáin go go féil’ tSin Seáin… Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Lán an tsleáin go féil’ tSin Seáin…'

  • mairead ni nuadhain

    Céard faoi ‘Spadach?’ Bhíodh drochmheas ag m’athair ar mhóin a dtugadh sé ‘spadach’ air
    M Ní Nuadháin

  • Seosamh Ó Cuaig

    Bhí an ceart ar fad ag d’athair ar ndóigh a Mhairéad. “Sodden turf” atá i bhfoclóir Uí Dhónaill ar spadach. An míniú céanna atá ann ar spadalach. Móin nach bhfuil aon spraic (nó spreacadh) inti nó a bhíos ina smístí móra fliucha, a dúradh in áit eile.