Bíonn fás éigin sa ngarraí go gcaitear an Nollaig ach ina dhiaidh sin is crua a théann an aimsir ar bheithíoch is ar dhuine.
Broibh is minice a chuala mé orthu, luachair scaití eile agus fíóga scaití eile fós. Feagacha a thugtar sna foclóirí orthu.
Fíóga a bhí againne orthu i bparóiste Charna agus fióga, gan an síneadh fada ar an i, a bhí acu i bparóiste Ros Muc.
Blíneach a thugtar ar bhroibh nach bhfuil aon fhás mór fúthu.
Tá an focal geatairí ann freisin. Dhéantaí rópa de gheatairí le cur ar choca féir fadó. Fíóga móra a bhí iontu sin agus iad bruite, buailte. Tharraingítí na geatairí as a mbun féin agus bhuailtí le slis iad agus dhéantaí iad a bhruith in uisce.
Dhéanfadh a mbá chomh maith céanna lena mbruith ach chaithfidís a bheith i bhfad báite. Dhéanaidís srathair, nó srathróg bheag, díobh lena gcoinneáil gan scor óna chéile a fhad is a bheidís á mbruith nó á mbá.
Seo leaganacha cainte a bhfuil an focal brobh iontu:
Tiomsaíonn brobh beart, is líontar sac le póiríní.
Ní raibh mé féin ariamh gan an choinneal nó a húdar, ach aon oíche amháin is bhí brobh agam— duine tíobhasach.
Maidir leis an bhfocal úr bíonn duilliúr úr ann agus buinneán úr – péacán.
Bíonn im úr ann, feoil úr, uisce úr, adhmad úr, leathar úr , scéal úr, gealach úr (lán gealaí), muiceoil úr (gan í a bheith saillte).
An tOileán Úr a thugadh cuid de na daoine ar Mheiriceá.
Bhaintí an t-úr as olann.
D’fhéadfadh dearcadh úr a bheith ag duine – bealach nua le rud a dhéanamh.
Tá siad úr faoi bhia a déarfaí faoi dhream a bheadh flaithiúil.
Tá an bhó úr a déarfaí faoi bhó a mbeadh dáir ag teacht uirthi.
Nach deas é? Is úr iad broibh go Nollaig…
Fág freagra ar 'Nach deas é? Is úr iad broibh go Nollaig…'