Nach deas é? Is túisce a d’fhuipeálfainn dreancaid go Baile Áth Cliath ar leithphingin ná …..

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Is túisce a d’fhuipeálfainn dreancaid go Baile Áth Cliath ar leithphingin ná …..

Is iomaí sin rud a mbíonn an-drogall orm tabhairt fúthu agus tá rudaí eile nach ndéanfainn ar ór an tsaoil. Déarfainn gur túisce a sháfainn mo lámh sa tine ná a ghabhfainn ag obair i gcistineach chruógach bhialainne. B’fhearr liom bró mhuilinn a chur faoi mo muineál ná a ghabháil ag plé leis an bpolaitíocht. Luífinn ar nead meach (beach) sula ngabhfainn ag tiomáint bus i mbaile mór. B’fhearr liom tabhairt faoi ghad a dhéanamh as gaineamh ná a ghabháil ag obair i dteach ósta. Changlóinn tairní luaidhe sula maithfinn eachtraí áirithe do dhreamanna áirithe.

Ba mhór é m’iontas le gairid nuair a léigh mé gur fada eolaithe ard-éirime ag tomhas luas na ndreancaidí agus iad ag léim leo ó bhéile go béile ach dá airde agus dá mhinice a léim, déarfainn go dtógfadh sé tamall iad a sheoladh go Baile Átha Cliath agus go mbeadh an t-aistear saothraithe go maith agat!

Is túisce a d’fhuipeálfainn dreancaid go Baile Áth Cliath ar leathphingin ná ….. Nach deas é!

Fág freagra ar 'Nach deas é? Is túisce a d’fhuipeálfainn dreancaid go Baile Áth Cliath ar leithphingin ná …..'