Is iomaí cineál neide ann. Nead a thugtar ar an áit a gcodlaíonn an giorria. Coinicéar a bhíonn ag coiníní.
Is olc an t-éan a shalaíonn a nead féin, a deirtear.
Bíonn nead damhán alla ann, nead siongán, nead muice, nead nathrach. Bíonn nead inneallghunnaí ag saighdiúirí.
Nead chluthair a bhíonn ag duine a mbíonn post bog, éasca, seascair, teolaí aige. Chomh cluthar le nead smólaigh a deirtear.
Mar a ndéanann an scadán a nead a deirtear faoi thóin na farraige.
Níor fhág sé oiread féir ina dhiaidh is a dhéanfadh nead circe a deirtí. An ubh a fhágtar sa nead nuair a bhíonn cearca ag breith sin í an ubh sheide.
D’fhéadfadh duine nead a dhéanamh i do chluais—uisce faoi thalamh a dhéanamh ort.
Lámh i nead nathrach drannadh leis, a déarfaí faoi dhuine nach mbeadh sé inrásta a dhul ina aice. D’fhéadfadh smaoineamh a bheith neadaithe i do cheann.
‘Nach críonna a bhíos an bheach,
Nuair a dhéanann sí féin a nead,
Le grian agus teas an fómhair,’ a dúradh in amhrán.
Imeacht an philibín óna nead, cur i gcéill; le nach mbeadh a fhios cá bhfuil an nead agus na héanacha óga.
Is leor don dreoilín a nead.
Is olc an t-éan a shalaíonn a nead féin. Nach deas é?
Larry Phelan
Is deas