NACH DEAS É?: Is mór an aicíd é…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É?: Is mór an aicíd é…

Dá gcloisfeá duine a rá gur mór an aicíd é níor cheart dhuit a cheapadh ar an bpointe gurb é Covid-19 a bheadh i gceist. Déarfaí é freisin faoi áit a bheadh salach.

Is iomaí sin cineál aicíde ann:

Aicíd na gcnámh (na scoilteacha), aicíd an chronaithe (an cnaíghalar). Chreidtí  gur asarlaíocht ba chúis leis an gcnaíghalar.

An aicíd dhubh—dúchan ar na prátaí.

Aicíd na scamhóg – niúmóine…

Aicíd an tochais.

Aicíd chriothannachta – an fiabhras creathach.

Aicíd an pheaca.

Aicíd an bháis.

Aicíd an Éireannaigh—dúil an chait  san ólachán. Tá dúil aige san ól. Is iomaí duine ar a aicíd a deirtí.

Aicíd thógálach.

Aicíd an díth eolais.

Caitheann an óige an aicíd,  a deirtí – gabhann an óige trí gach uile shórt, galraí, anró, srl is tagann sí slán.

Chreideadh na filí go láidir gur aicíd a bhí sa ngrá. Seo mar a dúirt duine amháin acu:

Deir lucht léinn gur claoite an galar an grá,

Char admhaigh mé é nó go raibh sé i ndiaidh mo chroí istigh a chrá,

Aicíd ró-ghéar, faraor, níor sheachnaigh mé í.

Is go gcuireann sí arraing is céad go géar fríd cheartlár mo chroí.

Ar an gcaoi seo a chuir file eile é, ‘Cé gur shíl mé lán de m’aicíd go leigheasfása í’.

Bhí file eile ann a dúirt, ‘A chéadsearc ná tréig mé is gur mhéadaigh tú m’aicíd.’

A rún mo chléibh a chuir na céadta in aicíd, a dúirt Cearbhallán.

Bhí tóir ag Cearbhallán ar na mná ach bhí tóir ar an bhfuisce aige freisin. Seo mar a dúirt sé faoi sin:

‘Is íocshláinte an fuisce a leigheasas agus a shlánaíos

Gach tinneas agus aicíd a leanas síol Ádhamha.’

Níl tinneas, níl aicíd, níl galar ná éag ann, a dúirt Raiftearaí agus é ag moladh Chill Aodáin.

Chuir sé mallacht ar bheirt freisin ar an gcaoi seo:

‘Aicíd is plá orthu, ruaig is léan.’

M’aicíd orthu, an calar orthu, nár thé an phlá tharstu a déarfadh daoine eile go dtínár linn féin go deimhin.

Ní fios cé a chum an rann seo:

Tiocfaidh an t-anti-Christ,

Tiocfaidh an cogadh,

Tiocfaidh an phlá,

Tiocfaidh an gorta,

Is beidh an saol ar chomhchreideamh ansin.

Seo roinnt leaganacha cainte eile a bhfuil an focal aicíd iontu:

I dtosach na haicíde is fusa a leigheas. Comhairle í sin a chuaigh amú ar chuid den lucht údaráis a bhí ag troid an víris a bhfuil muid cráite aige faoi láthair.

Tá a hoideas féin ann do gach aon aicíd. Tá súil againn go bhfeicfidh muid cruthú láidir air sin i rith na bliana atá romhainn.

Mar bhuille scoir, seo leagan cainte nár mhiste do chuid den chléir aird a thabhairt air:

D’ordaigh Dia an aicíd a sheachaint.

Is mór an aicíd é. Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É?: Is mór an aicíd é…'