NACH DEAS É? Is minic a chuir gunna folamh faitíos ar bheirt

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Is minic a chuir gunna folamh faitíos ar bheirt

Bhí sí sioctha leis an eagla, a deirtear.

D’fhéadfá a rá freisin go raibh eagla a craicinn uirthi. Tharlódh sé nach raibh sí in ann corraí le faitíos. Bí cinnte go raibh sí ag crith le heagla.

B’fhéidir gur eagla a bhí uirthi gur drochscéala a bheadh ann nuair a chonaic sí duine áirithe – go raibh a croí ina béal go deimhin nuair a chonaic sí é.

Bíonn eagla ar chuid de na daoine a dhul amach san oíche. Bíonn eagla an bháis ar dhaoine eile, nó eagla a n-anama, nó eagla an domhain, nó eagla a gcroí, eagla na báistí nó eagla an bhuailte.

‘Tá faitíos orm dhuit’ a chloisfeá duine a rá le duine eile – ag cur i gcéill go mbeadh contúirt ar an duine sin, nó go mbeadh dul amú air.

D’fhéadfadh duine a rá go raibh uamhan nó scanradh air.

Daoine misniúla amach is amach nach mbíonn fuacht ná faitíos orthu.

Seo roinnt leaganacha cainte eile a bhfuil an focal faitíos nó an focal eagla iontu:

Níl iasc sa bhfarraige is mó a bhfuil faitíos ag na soithí roimhe ná an bairneach—de bhrí gur ar na carraigeacha a chothaíonn sé.

Is minic a chuir gunna folamh faitíos ar bheirt—bíonn faitíos roimh ghunna i gcónaí bíodh sé lán nó folamh.

Bíodh faitíos ort agus ní baol dhuit—ní ghabhfaidh cladhaire i gcontúirt.

Is furasta faitíos a chur ar chladhaire.

Is fearr scáth ná faitíos.

Is maith an grá é an faitíos.

Bíonn faitíos ar an leanbh dóite roimh an tine.

An té a bhuailtear sa gceann bíonn faitíos air.

Ar eagla na heaspa is maith a bheith coimeádach.

Is mairg a mholfadh le heagla go gcáinfeadh – ná mol duine ar bith ar fhaitíos go mbeadh ort é a cháineadh amach anseo.

Dúirt an Duinníneach gur faitíos an focal a bhí ag na Connachtaigh agus eagla ag na Muimhnigh. Fágfaidh mé mar sin an scéal ar eagla na heagla nach raibh an ceart aige.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Is minic a chuir gunna folamh faitíos ar bheirt'