Is lú ná fríd máthair an oilc…

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol gach seachtain. An tseachtain seo, céal as an mBlascaod Mór atá inniu againn…

Is lú ná fríd máthair an oilc…

Bhí baintreach ann fadó agus bhí aon mhac amháin aici. Garsún breá ab ea é agus bhí borradh lae is oíche le tabhairt fé ndeara ann fé mar a d’fhás sé suas. Ag aoireacht ghabhar a chaitheadh sé an lá agus é óg.
B’ait leis an saol leadránach a bhí á chaitheamh aige. Dúirt sé lena mháthair go raghadh sé amach ag soláthar a fhortúin dó féin. Dúirt sí go n-imeodh sí féin in éineacht leis agus ná ligfeadh sí as radharc a súl de ló ná d’oíche é. D’imíodar leo. Bhí oíche anso a’s eadra ansúd acu.

Chuadar isteach i gcoill mhór dhiamhair. Dhall na crainn amach iad agus ní fheadradar cá raibh soir ná siar. Chualadar fothram mór agus iad i bhfad isteach sa choill. Tháinig fathach mór groí fána ndéin agus cuma an-shásta air.

Dúirt sé leo go raibh cúirt bhreá aige féin agus dul in éineacht leis. Dúirt sé go bpósfadh sé an bhaintreach agus go mairfidís go léir go sásta.
Bhí an bhean sásta agus níor chás di é. Bhí cúirt mhór ag an bhfathach agus ollmhaitheas an tsaoil bailithe isteach ann. Dúirt an mac go mbeadh sé féin ag fiach dóibh. Bhí ag éirí leis go hiontach ins an bhfiach agus bhí eagla ag teacht ar an bhfathach roimis bhí sé chomh láidir cumasach san.

Sa tsiúl do Sheáinín (mac na baintrí) tháinig sé go dtí an phluais ina raibh ollmhaitheas seoda agus rudaí luachmhara ag baint leis an bhfathach. Chonaic sé crios mór ornáideach agus bhuail sé trasna aniar ar a choim í, féachaint an oirfeadh sí dó. Mhothaigh sé ana-neart ag teacht ann féin an fhaid a bhí an crios air. Bhraith an fathach an neart ag imeacht as féin, agus bhí a fhios go maith aige go raibh a chrios ar Sheáinín. D’fhág Seáinín an crios air agus ní raibh aon neart ins an bhfathach agus níorbh fhéidir leis aon lámh láidir d’imirt ar Sheáinín.

“Caithfeam rud éigin a dhéanamh leis an ngaige sin,” ar sé lena bhean, “coileán críochnaithe is ea é.” Agus d’eachtraigh di an scéal i dtaobh an chreasa draíochta tríd síos.

Ní scarfadh Seáinín leis an gcrios.

Sa deireadh chuimhnigh sí ar sheift. Dúirt sí leis an bhfathach go gcuirfeadh sí ag lorg na trí bhradán a bhí ar Loch Dearg é. Loch mhillteach í seo ná maireadh aoinne a théadh ina gaire. D’iarr sí ar Sheáinín dul ar lorg na mbradán di, mar go raibh ana-dhúil aici iontu.
D’imigh Seáinín leis agus bhain amach an loch. Bhí suaitheadh millteach ins an loch, a bhí á shuaitheadh anonn is anall, á chaitheamh ar chúl agus á leagadh. Féachaint dá dtug sé suas go ciumhais na locha chonaic sé caisleán breá nár thug sé fé ndeara cheana. Bhí bean óg álainn anairde ar an ngrianán agus í ag briseadh a croí ag gáire faoi.

B’iontach leis cad é an chúis gháire a bhí aici. Suas leis chuici.
“Is tú an fear is fearr a chonac fós,” ar sí. “Tá ana-sheasamh déanta agat. Níor fhéad aoinne fós na bradáin sin a mharú. Mise iníon Mhaor an Éisc. Cuir an bruscar aráin sin ar an nduán san agat agus téir síos arís, agus tair aníos chugamsa arís.”

Dhein sé amhlaidh. Thug sé na bradáin leis aníos chuici.

Dúirt iníon an Mhaoir leis gan dul abhaile in aon chor, ach fanúint agus í féin a phósadh mar go raibh grá mór aici dó. Dúirt sí nach raibh puinn grá ag a mháthair dó, mar dá mbeadh nach in áit chontúirteach a chuirfeadh sí é, agus go gcuirfeadh sí in áit níos measa amárach é. Ach ní bheadh sé sásta.

D’imigh sé leis fé dhéin an tí. Bhí cancar agus cráiteacht ar an bhfathach nuair a chonaic sé chuige é agus an t-iasc aige.

“Cuirfeadsa deireadh leis an mbioránach amárach,” arsa an mháthair.

Lig sí uirthi a bheith an-olc amárach.
“Ó téir agus tabhair chugam croí agus ae an tairbh bhig atá sa choill,” ar sí le Seáinín. “Damh beag dearg is ea é agus dein do dhícheall air.”
Thug an fathach seantua mheirgeach dó agus b’eo leis. Léim sé ar mhuin an tairbh agus bhí an tua tarraingthe aige chun an t-ainmhí fíochmhar a mharú nuair a labhair an Damh.

“Fóill ar do láimh a mhic na baintrí, agus fóir ar mo mháthair, mar is fé dhraíocht atáim. Mairbh an fia úd thall, agus lig ort gurb é mo chroí-se croí an fhia.”

Dhein sé amhlaidh…….

  • Seo cuid de scéal a d’eachtraigh Micheál Ó Guithín, An Blascaod Mór, Co Chiarraí don oide Máire Nic Gearailt i 1935/36

Fág freagra ar 'Is lú ná fríd máthair an oilc…'